#1700021
Aon pháirtí a bheidh ag agairt nó ag cosaint trí aturnae, beidh de chead aige, ach amháin i gcúis nó in ábhar maidir le pósadh, a aturnae a athrú nó a aturnae a scaoileadh uaidh agus an t-agra nó an chosaint a dhéanamh i bpearsa, agus aon pháirtí a bheidh ag agairt nó ag cosaint i bpearsa beidh de chead aige aturnae a cheapadh, in aon chúis nó ábhar, gan ordú chuige sin, ar fhógra faoin athrú, faoin scaoileadh nó faoin gceapachán sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig, ach go dtí go gcomhdófar an fógra sin amhlaidh agus go seirbheálfar cóip de mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, measfar gan aon athrú, scaoileadh nó ceapachán den sórt sin a bheidh tagtha in éifeacht.
A party suing or defending by a solicitor shall, save in any matrimonial cause or matter, be at liberty to change his solicitor or to discharge his solicitor and sue or defend in person, and any party suing or defending in person shall be at liberty to appoint a solicitor, in any cause or matter, without an order for that purpose, upon notice of such change, discharge, or appointment being filed in the Central Office, but until such notice is so filed and a copy thereof served as hereinafter provided, no such change, discharge, or appointment shall be deemed to have taken effect.