#2256088
An 22 Nollaig 2017, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“CSNA”) Rún 2397 (2017) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“UNSCR”) inar athdhearbhaigh sí an méid seo a leanas maidir le DPDC: nach bhfuil sí le haon lainseáil eile ina n-úsáidtear teicneolaíocht diúracán balaistíoch, tástálacha núicléacha, ná aon bhriogadh eile a dhéanamh; go bhfuil sí leis na gníomhaíochtaí uile a bhaineann lena clár diúracán balaistíoch a chur ar fionraí láithreach agus sa chomhthéacs sin na gealltanais a thug sí cheana féin maidir le moratorium ar gach lainseáil diúracán a athbhunú; go bhfuil sí le gach arm núicléach agus gach clár núicléach atá ann cheana a thréigean láithreach ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe, agus go bhfuil sí le scor láithreach de na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir; agus go bhfuil sí le haon airm ollscriosta eile atá ann cheana agus aon chláir diúracán balaistíoch atá ann cheana a thréigean ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus dochúlaithe.
On 22 December 2017, the United Nations Security Council (‘UNSC’) adopted United Nations Security Council Resolution (‘UNSCR’) 2397 (2017), whereby it reaffirmed that the DPRK: is not to conduct any further launches that use ballistic missile technology, nuclear tests, or any other provocation; is to immediately suspend all activities related to its ballistic missile program and in that context re-establish its pre-existing commitments to a moratorium on all missile launches; is to immediately abandon all nuclear weapons and existing nuclear programmes in a complete, verifiable and irreversible manner, and immediately cease all related activities; and is to abandon any other existing weapons of mass destruction and ballistic missile programmes in a complete, verifiable and irreversible manner.