#1625355
Go ndéanann Dáil Éireann, agus aitheantas á thábhairt aici do rannchuidiú fo-oifigí poist le saol tráchtála agus pobail na tíre agus le cothú na bpobal tuaithe agus uirbeach dár fhóin siad le hiliomad blianta, na nithe seo a leanas a mholadh:
pléití leanúnacha le líon áirithe Ranna Rialtais, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh agus FÁS maidir le gnó breise Rialtais a aistriú chuig an líonra; —