#229659
pléadálaim ciontach leis seo sa chúiseamh sin
hereby plead guilty to the said charge
pléadálaim ciontach leis seo sa chúiseamh sin
hereby plead guilty to the said charge
Fuirm an mhionna i gcás ceist i dtaobh cumas pléideála.
Form of oath on issue of competence to plead.
Duine d'fhanúint ina thost tré mhailís agus diúltú do phléideáil, etc.
Standing mute of malice and refusal to plead etc.
(ii) go mbeadh sé, dá gcuirtí ar triail é, neamh-inniúil ar phléideáil,
(ii) that he would, if placed on trial, be unfit to plead,
(i) an chéim inar chuir sé in iúl gur bheartaigh sé pléadáil ciontach, agus
(i) the stage at which he indicated the intention to plead guilty, and
(c) go mbeidh an cúisí neamhinniúil ar phléadáil.
(c) the accused is unfit to plead.
na forais a phleadáil a shonraítear
plead the grounds specified
pléadáil
plead
Má phléadálann an cosantóir amhlaidh ní phléadálfaidh sé aon chosaint eile ar an gcúis chaingne chéanna gan cead ón gCúirt.
If the defendant so plead he shall not plead any other defence to the same cause of action without the leave of the Court.
I gcás ina mbeidh a phléadálacha leasaithe ag aon pháirtí faoi riail 2 nó riail 3, pléadálfaidh an páirtí freasúrach sa phléadáil leasaithe, nó leasóidh sé a phléadáil, laistigh den tréimhse ama a bheidh aige an tráth sin chun pléadáil, nó laistigh d'ocht lá ó dháta seachadta an leasaithe, cibé tréimhse acu is faide; agus i gcás go mbeidh an páirtí freasúrach tar éis pléadáil roimh sheachadadh an leasaithe, agus nach ndéanfaidh sé pléadáil arís nó nach ndéanfaidh sé leasú laistigh den tréimhse ama atá luaite thuas, measfar é a bheith ag seasamh ar a phléadáil bhunaidh mar fhreagra ar an leasú sin.
Where any party has amended his pleadings under rule 2 or rule 3, the opposite party shall plead to the amended pleading, or amend his pleading, within the time he then has to plead or within eight days from the delivery of the amendment, whichever shall be the longer; and in case the opposite party has pleaded before the delivery of the amendment, and does not plead again or amend within the time above mentioned, he shall be deemed to rely on his original pleading in answer to such amendment.
Má rinne an cosantóir forthairiscint pléadáiltear mar a cheanglaítear le hOrdú 22.
If the defendant made a tender, plead as required by Order 22.
AGUS DE BHRÍ go bhfuil cinntithe ag an gCúirt gur mian leis/léipléadáil ciontach sa chúiseamh sin;
AND WHEREAS the Court has ascertained that he/she wishes to plead guilty to the said charge;
Beidh gach cosantóir in imeachtaí eisiachtana i dteideal gach cosaint a bheidh aige de réir dlí nó cothromais a phléadáil.
Every defendant in ejectment proceedings shall be entitled to plead every defence which he may have at law or in equity.
Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomharc ar fáil.”.
The parties may not plead any failure on the part of the Office to communicate the availability of appeal proceedings.’.
Ní fhéadfaidh na páirtithe a phléadáil nár chuir an Oifig in iúl go raibh imeachtaí achomharc ar fáil.
The parties may not plead any failure on the part of the Office to communicate the availability of appeal proceedings.
—Is sa bhfuirm seo a leanas a bheidh an mionn fé n-a gcuirfar coisteoirí a painéalfar chun a fháil amach ce'ca tá príosúnach inniúil ar phléadáil no ná fuil, sé sin le rá:—
—The Oath to be administered to the jurors empanelled to try whether a prisoner is competent to plead or not shall be in the following form, that is to say:—
(a) go bhfionnfaidh an Chúirt Dúiche gur mian le duine a cúisítear i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil chiontachta a dhéanamh, agus
( a ) the District Court ascertains that a person charged with an offence to which this section applies wishes to plead guilty, and
(4) (a) Má chuirtear duine ar aghaidh faoin alt seo i gcomhair pianbhreithe, féadfaidh sé a phléadáil i scríbhinn a tharraingt siar agus pléadáil neamhchiontach sa chúiseamh.
(4) ( a ) Where a person is sent forward for sentence under this section he may withdraw his written plea and plead not guilty to the charge.
“Ar choinníoll go gceadóidh na Coimisinéirí d'aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son an achomharcóra pléideáil os a gcomhair i gcás ar deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.”,
"Provided that the Commissioners may permit any other person representing the appellant to plead before them where they are satisfied that such permission should be given.",
Ar choinníoll go gceadóidh na Coimisinéirí d'aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son an achomharcóra pléadáil os a gcomhair i gcás ar deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.”.
Provided that the Commissioners may permit any other person representing the appellant to plead before them where they are satisfied that such permission should be given.".
(a) an chéim sna himeachtaí mar gheall ar an gcion inar chuir an duine in iúl gur bheartaigh sé nó sí pléadáil ciontach, agus
(a) the stage in the proceedings for the offence at which the person indicated an intention to plead guilty, and
féadfaidh aon pháirtí . . . na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 173, d'fhonn neamhfheidhmeacht an rialacháin sin a agairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.
any party may . . . plead the grounds specified in the second paragraph of Article 173 in order to invoke before the Court of Justice the inapplicability of that regulation.
Ní dhéanfaidh aon ní atá sna Rialacha seo difear do cheart aon chosantóra pléadáil neamhchiontach le reacht.
Nothing in these Rules contained shall affect the right of any defendant to plead not guilty by statute.
Ní fhéadfaidh duine, áfach, sárú ar an bprionsabal sin a phléadáil mura mbeidh ráthaíochtaí beachta tugtha aige nó aici ón riarachán.
However, a person may not plead breach of that principle unless he has been given precise assurances by the administration.
I gcomhréir le modheolaíocht CEPEJ, is éard atá i gceist le dlíodóir duine cáilithe agus údaraithe ag an dlí náisiúnta chun pléadáil agus gníomhú thar cheann a chliant;
In accordance with the CEPEJ methodology, a lawyer is a person qualified and authorised by national law to plead and act on behalf of their clients;
D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa chúigiú mír d'Airteagal 230 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 230 d'fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.’»
Notwithstanding the expiry of the period laid down in Article 230, fifth paragraph, any party may, in proceedings in which an act of general application adopted by an institution, body, office or agency of the Union is at issue, plead the grounds specified in Article 230, second paragraph, in order to invoke before the Court of Justice of the European Union the inapplicability of that act.’.»
AGUS ós rud é gur chinntigh an Chúirt gur mhian leis an gcúisí pléadáil ciontach agus ós deimhin leis an gCúirt gur thuig an cúisí cineál an chiona agus na fíorais a líomhnaíodh agus ós rud é gur thoiligh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go ndéanfaí an cion a thriail go hachomair;
AND the Court having ascertained that the accused wished to plead guilty and the Court being satisfied that the accused understood the nature of the offence and the facts alleged and the Director of Public Prosecutions having consented to the offence being dealt with summarily;
(b) D’ainneoin mhír (a), féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc a cheadú d’aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar son an pháirtí eile pléadáil os a gcomhair i gcás gur deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.
(b) Notwithstanding paragraph (a), the Appeal Commissioners may permit any other person representing the Revenue Commissioners or the other party to plead before them where they are satisfied that such permission should be given.
D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa séú mír d'Airteagal 263 a bheith caite, féadfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina mbeidh gníomh a bhfuil feidhm ghinearálta aige arna ghlacadh ag institiúid, ag comhlacht, ag oifig nó ag gníomhaireacht de chuid an Aontais faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal 263 d'fhonn neamhfheidhmeacht an ghnímh sin a agairt os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.
Notwithstanding the expiry of the period laid down in Article 263, sixth paragraph, any party may, in proceedings in which an act of general application adopted by an institution, body, office or agency of the Union is at issue, plead the grounds specified in Article 263, second paragraph, in order to invoke before the Court of Justice of the European Union the inapplicability of that act.
ar an abhar san má thagann A.B. sin i láthair an chéad shuidhe eile den Chúirt Dúithche (no den Chúirt Chuarda no den Ard-Chúirt no den Phríomh-Chúirt Choiriúil, pe'ca aca é) a comórfar sa Dúthaigh agus don Dúthaigh (no fé mar a bheidh), agus san áit sin é féin do thabhairt isteach i gcimeád do chimeádaí an (phríosúin choitianta) san áit sin, agus pléadáil do dhéanamh i pé cúiseamh no díotáil a cuirfar ina choinnibh, agus a thriail sa chéanna do sheasamh, agus gan imeacht as an gCúirt sin gan cead, ansan an banna san do bheith gan brí no, marab é sin é, é sheasamh ina lán-fheidhm agus ina lán-bhrí.
if, therefore, the said A. B. will appear at the next sitting of the District Court (or of the Circuit Court, or of the High Court or of the Central Criminal Court, as the case may be) to be holden in and for the District (or as the case may be) and there surrender himself into the custody of the keeper of the (common gaol) there, and plead to such charge or indictment as may be preferred against him, and take his trial upon the same, and not depart the said Court without leave, then the said recognizance to be void, or else to stand in full force and virtue.
(3) Pé uair gurb í ceist a bheidh le triail ag an ngiúiré ná ce'ca tá duine cúisithe inniúil ar phléideáil no ná fuil, is mar seo a leanas a bheidh fuirm an mhionna fé n-a gcuirfar na coisteoirí, sé sin le rá:— [EN]
(3) Whenever the issue to be tried by the jury is whether an accused person is or is not competent to plead, the form of the oath to be administered to the jurors shall be as follows, that is to say:
(2) Pé uair a theipfidh ar dhuine a cúiseofar sa Phríomh-Chúirt Choiriúil no sa Chúirt Chuarda in aon choir no cionta freagra do thabhairt no a dhiúltóidh sé do fhreagra do thabhairt ar an gcúiseamh san, in aon tslí seachas tré fhanúint ina thost, nuair a glaodhfar air chun a dhéanta, ordóidh an Breitheamh (gan dochar do sna comhachta bheidh aige fén gcéad fho-alt eile den alt so) an plé “nea-chiontach” d'iontráil don duine sin.
(2) Whenever a person charged in the Central Criminal Court or in the Circuit Court with any crime or offence fails or refuses in any way, other than standing mute, to plead to such charge when called upon so to do, the Judge shall (without prejudice to his powers under the next following sub-section of this section) direct a plea of "not guilty" to be entered for such person.
(e) ní sheasóidh an t-árachóir feithicle no an t-urruitheoir feithicle sin ar aon nea-dhleathacht ná ní phléidhfidh aon nea-dhleathacht, mar scór chun diúltú d'airgead d'íoc leis an éilitheoir no mar chosaint ar imeachta bhunóidh an t-éilitheoir, is nea-dhleathacht sa pholasaí árachais sin, san urruíocht san no sa pholasaí agus urruíocht có-nasctha san (do réir mar bheidh) eiríonn as aon chalaois no as aon cham-thuairisc no ráiteas bréagach (pe'ca go calaoiseach do rinneadh san no nách eadh) ba ní ná raibh baint ag an éilitheoir leis no nárbh eol do é dhéanamh agus, i gcás é bheith ina mhí-iompar fén gCuid seo den Acht so, nárbh abhar cúisimh agus ciontuithe fén alt san den Chuid seo den Acht so bhaineann leis an scéal.
( e ) such vehicle insurer or vehicle guarantor shall not, as a ground for refusing payment of moneys to the claimant or as a defence to proceedings by the claimant, rely on or plead any invalidity of such policy of insurance, guarantee, or combined policy and guarantee (as the case may be) arising from any fraud or any misrepresentation or false statement (whether fraudulent or innocent) to which the claimant was not a party or privy and which, if constituting a misdemeanour under this Part of this Act, was not the subject of a prosecution and conviction under the relevant section of this Part of this Act.
(b) má bunuítear imeachta i gcoinnibh an tsoláthróra san fé sna hAchtanna i dtaobh sompla an tsoláthróra agus gur theip ar an soláthróir sin fógra soláthróra do sheirbheáil ní bheidh an soláthróir sin i dteideal urraíocht do phléideáil mar chosaint sna himeachta san;
( b ) if proceedings are brought against such purveyor under the Acts in respect of the purveyor's sample and such purveyor has failed to serve a purveyor's notice, such purveyor shall not be entitled to plead a warranty as a defence to such proceedings;
—(1) Pé uair a dhéanfaidh duine bhéarfar os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta fanúint ina thost nuair a hiarrfar air freagra do thabhairt ar an gcúis a cuirfear ina leith, éistfidh an Chúirt an fhianaise sin (más ann di) do bhéarfar ar áird ina láthair san am agus san áit sin i dtaobh na ceiste ce'ca tré mhailís no toisc gur balbhán é atá an duine sin ina thost, agus
—Whenever a person brought before a Special Criminal Court for trial stands mute when called upon to plead to the charge made against him, that Court shall hear such evidence (if any) relevant to the issue as to whether such person stands mute of malice or by the visitation of God as may then and there be adduced before it, and
(2) Pé uair do bhéarfar duine os cóir Cúirte Coiriúla Speisialta chun a thrialta agus fhailleoidh sé no dhiúltóidh i slí ar bith seachas tré fhanúint ina thost, freagra do thabhairt, nuair a hiarrfar san air, ar an gcúis a cuirfear ina leith ordóidh an Chúirt sin (gan dochar dá comhachta fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) a chur síos don duine sin gur fhreagair sé ná raibh sé ciontach.
(2) Whenever a person brought, before a Special Criminal Court for trial fails or refuses in any way, other than standing mute, to plead to the charge made against him when called upon to do so, that Court shall (without prejudice to its powers under the next following sub-section of this section) direct a plea of "not guilty" to be entered for such person.
(3) (a) I gcás duine a cuirfear ar aghaidh chun a thriala faoin alt seo dá rá, ar é a dhíotchúiseamh, gur mian leis a phléadáil scríofa a tharraingt siar agus pléadáil neamhchiontachta a dhéanamh, déanfaidh an breitheamh triala pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh agus dáta a cheapadh don triail.
(3) ( a ) Where a person sent forward for trial under this section, on being arraigned, expresses the desire to withdraw his written plea and to plead not guilty, the trial judge shall enter a plea of not guilty and fix a date for the trial.
(e) ní bhraithfidh an t-árachóir ná an ráthóir ar aon neamhbhailíocht, ná ní phléifidh aon neamhbhailíocht, mar fhoras chun a dhiúltú airgead a íoc leis an éilitheoir nó mar chosaint i gcoinne imeachtaí ag an éilitheoir, a bheidh sa pholasaí nó sa ráthaíocht de dheasca aon chalaois nó aon mhífhaisnéis nó ráiteas bréagach (calaoiseach nó neamhurchóideach) nach raibh an t-éilitheoir páirteach ná ionpháirteach ann agus, más oilghníomh faoin gCuid seo den Acht seo é, nárbh ábhar ionchúisimh agus ciontaithe faoin alt iomchuí den Acht seo.
( e ) the insurer or guarantor shall not, as a ground for refusing payment of moneys to the claimant or as a defence to proceedings by the claimant, rely on or plead any invalidity of the policy or guarantee arising from any fraud or any misrepresentation or false statement (whether fraudulent or innocent) to which the claimant was not a party or privy and which, if constituting a misdemeanour under this Part of this Act, was not the subject of a prosecution and conviction under the relevant section of this Act.
(g) tabharfaidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cead d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an éilitheora nó thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim, viva voce nó i scríbhinn, agus éistfidh siad aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí;
( g ) the Special Commissioners of Income Tax shall permit any barrister or solicitor to plead before them on behalf of the claimant or the Revenue Commissioners, either viva voce or in writing, and shall hear any accountant, heir, any person who has been admitted a member of an incorporated society of accountants;
(2) Ar aon achomharc ceadóidh na Coimisinéirí Speisialta d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an achomhareóra nó na n-oifigeach, viva voce nó i scríbhinn, agus tabharfaidh sé éisteacht d'aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí.
(2) Upon any appeal the Special Commissioners shall permit any barrister or solicitor to plead before them on behalf of the appellant or officers, either viva voce or in writing, and shall hear any accountant, being any person who has been admitted a member of an incorporated society of accountants.
(2) Má chinntíonn an Chúirt Dúiche aon uair gur mian le duine atá faoi chúiseamh i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil ciontach agus más deimhin leis an gCúirt go dtuigeann sé brí an chiona agus na fíorais a líomhnaítear, féadfaidh an Chúirt—
(2) If at any time the District Court ascertains that a person charged with an offence to which this section applies wishes to plead guilty and the Court is satisfied that he understands the nature of the offence and the facts alleged, the Court may—
(2) Aon uair arb í an tsaincheist a bheidh le triail cibé acu atá nó nach bhfuil duine cúisithe inniúil ar phléadáil, is í seo a leanas foirm an mhionna faoina gcuirfear na giúróirí:
(2) Whenever the issue to be tried is whether an accused person is or is not competent to plead, the form of oath to be administered to the jurors shall be as follows:
—Aon uair a fhanfaidh duine a bheidh cúisithe i gcion a thriailfear le giúiré balbh nuair a ghlaofar air chun pléadála breithneoidh an breitheamh an tsaincheist cé acu balbh trí mhailís nó balbh de dheonú Dé atá sé, agus mura mbeidh an breitheamh sásta gur de dheonú Dé atá sé balbh ordóidh an breitheamh pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh dó.
—Whenever a person charged with an offence to be tried with a jury stands mute when called upon to plead, the issue whether he is mute of malice or by the visitation of God shall be decided by the judge and, if the judge is not satisfied that he is mute by the visitation of God, the judge shall direct a plea of not guilty to be entered for him.
—Dearbhaítear leis seo go bhfuil duine a éigiontaíodh nó a ciontaíodh i gcion faoi dhlí Thuairsceart Éireann i dteideal a éigiontú nó a chiontú a phléadáil mar urchosc in aon imeachtaí sa Stát i ndáil le cion arbh éard é na gníomhartha arbh iad an cion iad inar éigiontaíodh nó inar ciontaíodh amhlaidh é.
—It is hereby declared that a person who has been acquitted or convicted of an offence under the law of Northern Ireland is entitled to plead his acquittal or conviction as a bar in any proceedings in the State for an offence consisting of the acts that constituted the offence of which he has been so acquitted or convicted.
—I gcás a gciontófar fostóir i gcion faoi alt 11 nó 14, féadfaidh sé pléadáil, de mhaolú an phionóis i leith an chiona sin, go raibh mórchúiseanna ann a bhain lena ghnó nárbh fhéidir leis an t-alt faoina ndearnadh an cion a chomhlíonadh.
—Where an employer is convicted of an offence under section 11 or 14, he may plead in mitigation of the penalty for that offence that there were substantial reasons related to his business which made it impracticable for him to comply with the section under which the offence was committed.
“(2) Ar aon achomharc ceadóidh na Coimisinéirí Achomhairc d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an achomharcóra nó na n-oifigeach, viva voce nó i scríbhinn, agus tabharfaidh siad éisteacht d'aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí, nó aon duine lenar glacadh mar chomhalta den chomhlacht a corpraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , ar an 31ú lá de Nollaig, 1975, mar ‘An Insititiúid Cánachais in Éirinn’:
"(2) Upon any appeal the Appeal Commissioners shall permit any barrister or solicitor to plead before them on behalf of the appellant or officers, either viva voce or in writing, and shall hear any accountant, being any person who has been admitted a member of an incorporated society of accountants, or any person who has been admitted a member of the body incorporated under the Companies Act, 1963 , on the 31st day of December, 1975, as 'The Institute of Taxation in Ireland':
“(2) Má fhaigheann an Chúirt Dúiche amach aon tráth gur mian le duine atá faoi chúiseamh i gcion lena mbaineann an t-alt seo pléadáil ciontach agus más deimhin leis an gcúirt go dtuigeann sé brí an chiona agus na fíorais a líomhnaítear—
“(2) If at any time the District Court ascertains that a person charged with an offence to which this section applies wishes to plead guilty and the court is satisfied that he understands the nature of the offence and the facts alleged, the Court—
Ní ordófar faoin riail seo sonraí a sheachadadh roimh chosaint nó roimh fhreagairt, de réir mar a bheidh, mura dóigh leis an gCúirt gur gá nó gurb inmhianaithe iad chun a chur ar chumas an chosantóra nó an ghearánaí, de réir mar a bheidh, pléadáil nó gur chóir ar aon chúis speisialta eile iad a sheachadadh amhlaidh.
Particulars shall not be ordered under this rule to be delivered before defence or reply, as the case may be, unless the Court shall be of opinion that they are necessary or desirable to enable the defendant or plaintiff, as the case may be, to plead or ought for any other special reason to be so delivered.
I ngach cás ina bpléadálfaidh páirtí an tsaincheist ghinearálta, agus é ar intinn aige an t-ábhar speisialta a thabhairt i bhfianaise de bhua aon reachta, cuirfidh sé isteach in imeall a phléadála na focail "le reacht", mar aon le bliain rite an reachta ar a mbeidh a sheasamh aige, agus freisin caibidil nó uimhir agus alt an reachta sin, agus sonróidh sé an reacht poiblí nó eile an reacht sin; mura ndéanfar amhlaidh measfar an chosaint sin gan a bheith pléadáilte de bhua aon reachta.
In every case in which a party shall plead the general issue, intending to give the special matter in evidence by virtue of any statute, he shall insert in the margin of his pleading the words "by statute" together with the year in which the statute on which he relies was passed, and also the chapter or number and section of such statute, and shall specify whether such statute is public or otherwise; otherwise such defence shall be taken not to have been pleaded by virtue of any statute.
Ní gá d'aon chosantóir i gcaingean chun talamh a aisghabháil ar an teideal, agus a bheidh i seilbh tríd féin nó trína thionónta, a theideal a phléadáil, mura mbeidh a chosaint ag brath ar eastát cothromais nó ar cheart cothromasach, nó mura mbeidh faoiseamh á éileamh aige ar aon fhoras cothromasach i gcoinne aon chirt nó teidil a bheidh á dhearbhú ag an ngearánaí.
No defendant in an action for the recovery of land upon the title, who is in possession by himself or his tenant, need plead his title, unless his defence depends on an equitable estate or right or he claims relief upon any equitable ground against any right or title asserted by the plaintiff.