#1071698
—(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe gach tráth réasúnach dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh in aon áitreabh, bhaigín iarnróid, feithicil, long, árthach nó aerárthach a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil aon leasachán, ábhar beatha, ábhar beatha cumaiscthe nó meascán mianrúil á mhonarú lena dhíol, á choimeád nó á iompar lena dhíol nó á dhíol ann, agus féadfaidh scrúdú, sampláil agus stoc-áireamh a dhéanamh ar aon leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla, nó ar aon damhnaí is féidir d'úsáid chun leasacháin, ábhair bheatha, ábhair bheatha chumaiscthe nó meascáin mhianrúla a mhonarú, a gheobhas sé i gcúrsa a iniúchta.
—(1) An authorised officer may at all reasonable times enter and inspect any premises, railway waggon, vehicle, ship, vessel or aircraft in which he has reasonable grounds for believing that any fertiliser, feeding stuff, compound feeding stuff or mineral mixture is manufactured for sale, kept or carried for sale or sold, and may examine and take samples and stock of any fertilisers, feeding stuffs, compound feeding stuffs or mineral mixtures, or of any materials capable of being used in the manufacture of fertilisers, feeding stuffs, compound feeding stuffs or mineral mixtures, which he finds in the course of his inspection.