#3049000
ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2021, go raibh 96 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus gur ceapadh 26 ghníomhaire shealadacha as 27 ngníomhaire shealadacha, arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (an líon céanna post le 2020); ag tabhairt dá haire gur seoladh 12 iarraidh ar iarratais, lena n-áirítear 4 iarraidh le haghaidh poist mar ghníomhaire ar conradh, 5 iarraidh le haghaidh poist mar ghníomhairí sealadacha, iarraidh amháin le haghaidh saineolaí náisiúnta ar iasacht agus 2 iarraidh le haghaidh oiliúnaithe; á thabhairt chun suntais go raibh ráta láimhdeachais 11 % ann le linn 2021; ag tabhairt dá haire go ndearnadh cleachtadh scagtha foirne, inar leithdháileadh 77,6 % d’fhoireann na hInstitiúide ar chúraimí oibríochtúla, 14,5 % ar thacaíocht riaracháin agus 7,9 % ar oibríochtaí neodracha; ag tabhairt dá haire gur glacadh rialacha nua maidir le foireann meánbhainistíochta an 27 Bealtaine 2021;
Notes that, on 31 December 2021, the establishment plan was 96 % executed, with 26 temporary agents appointed out of 27 temporary agents authorised under the Union budget (the same number of posts as in 2020); notes that 12 calls for applications were launched, including four for contract agent posts, five for temporary agents posts, one for a seconded national expert and two for trainees; highlights that during the course of 2021, the turnover rate was 11 %; takes note of the staff screening exercise, with 77,6 % of the Institute’s staff allocated to operational tasks, 14,5 % to administrative support and 7,9 % to neutral operations; observes that new rules on middle management staff were adopted on 27 May 2021;