#3050050
Ag tabhairt dá haire gur thug an Ghníomhaireacht néalseirbhísí isteach (nasctha le teileafónaíocht, físchomhdháil, ríomhchomhdháil, comhoibriú ar líne agus bainistiú doiciméad) idir 2020 agus 2021, agus ar an gcaoi sin go ndearnadh na sreafaí oibre inmheánacha airgeadais agus sreafaí oibre eile a dhigitiú; ag moladh ghlacadh an Chórais Próiseála Misin (MiPS) a chuireann le hiarrachtaí digitithe na Gníomhaireachta agus le barrfheabhsú acmhainní daonna agus airgeadais, lena n-áirítear trí ionadú a dhéanamh ar shreafaí oibre páipéarbhunaithe agus cumais tuairiscithe níos fearr a chur ar fáil dá foireann agus dá feidhm acmhainní daonna ag an am céanna; ag moladh, thairis sin, ghníomhaíochtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun an chibearshlándáil a áirithiú, chomh maith leis na bearta nua a cuireadh chun feidhme in 2021, amhail fíorú dhá fhachtóir a úsáid, faireachán ar naisc gheoshuímh, agus na nuashonruithe táirgí is déanaí a shuiteáil; ag moladh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus le CERT-EU (An Fhoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí;
Notes that the Agency adopted cloud services (linked to telephony, video and web conferencing, online collaboration and document management) between 2020 and 2021, thereby digitising the internal financial and other workflows; commends the adoption of the Mission Processing System (MiPS), which contributes to the digitalisation efforts of the Agency and the optimisation of human and financial resources, including by replacing paper-based workflows while offering better reporting capabilities to its staff and its human resources function; further commends the Agency’s ongoing actions to ensure cyber security, as well as the new measures implemented in 2021, such as the use of two-factor authentication, geolocation connection monitoring, and installing latest product updates; encourages the Agency to work in close cooperation with ENISA (European Union Agency for Cybersecurity) and CERT-EU (Computer Emergency Response Team for the Union Institutions, bodies and agencies) and to carry out regular risk assessments of its IT infrastructure and to ensure regular audits and tests are carried out on its cyber defences;