#1700161
I gcás nach mbeidh aon láithreas taifeadta in imeacht chun talamh a aisghabháil laistigh den tréimhse ama a bheidh ceaptha le haghaidh láithris, nó má tá láithreas taifeadta ach an chosaint teorannaithe do chuid den talamh nó do scair neamhroinnte sa talamh agus di sin amháin, beidh de chead ag an ngearánaí, in ionad dul ar aghaidh faoi riail 4, i dtaobh an éilimh chun an talamh sin nó an chuid sin nó an scair neamhroinnte sin di, de réir mar a bheidh, a aisghabháil, agus i dtaobh an éilimh (más ann) i leith foghailbhrabús, riaráistí cíosa, nó cíosa dhúbailte, nó damáistí mar gheall ar shárú conartha, nó éagóir nó díobháil don áitreabh a mbeidh éileamh á dhéanamh ina leith, dul ar aghaidh (i gcás imeachta a bheidh tionscanta le toghairm iomlánach) faoi riail 6 nó (i gcás imeachta a bheidh tionscanta le toghairm achomair) an toghairm a leagan síos lena héisteacht cibé lá a shocróidh an Máistir, agus sa chás deiridh sin, féadfar cibé breithiúnas a thabhairt, ar an toghairm a éisteacht, a mheasfaidh an Máistir, i gcás laistigh dá dhlínse, nó an Chúirt, an cosantóir a bheith ina theideal.
In case no appearance has been entered in a proceeding for the recovery of land within the time limited for appearance, or if an appearance be entered but the defence be limited to part of or to an undivided share in the land only, the plaintiff, in lieu of proceeding under rule 4, shall, as to the claim for recovery of such land or such part or undivided share thereof, as the case may be, and the claim (if any) in respect of mesne profits, arrears of rent, or double rent, or damages for breach of contract, or wrong or injury to the premises claimed, be at liberty (in the case of a proceeding commenced by plenary summons) to proceed under rule 6 or (in the case of a proceeding commenced by summary summons) to set the summons down for hearing on such day as the Master may fix, and in such latter case, such judgment may be given, on the hearing of the summons, as the Master, in a case within his jurisdiction, or the Court may consider the plaintiff to be entitled to.