Aeriompróir Comhphobail a mbeidh aerárthaí a bheidh cláraithe i dtríú tír ar léas fliuch aige ó ghnóthas eile, gheobhaidh sé formheas roimh ré don oibríocht ón údarás ceadúnaithe inniúil.
A Community air carrier wetleasing aircraft registered in a third country from another undertaking shall obtain prior approval for the operation from the competent licensing authority.
#501159
Cuirfidh an t-údarás inniúil na Ballstáit lena mbaineann ar an eolas maidir le formheas a dheonóidh sé chun aerárthaí a bheidh cláraithe i dtríú tír a léasú ar léas fliuch.
The competent authority shall inform the Member States concerned about an approval it has granted for wetleasing aircraft registered in a third country.
#1732539
Ba cheart cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, agus iad ag gabháil leis an dá pháirtí, a bheith sa chomhaontú idirnáisiúnta maidir le léasú fliuch, agus é a bheith bunaithe ar Chomhaontú Aeriompair arb ann dó cheana.
The international agreement on wet-leasing should include reciprocal rights and obligations for both parties and should be based on an existing Air Transport Agreement.
#501158
Féadfaidh an t-údarás inniúil diúltú formheas a dheonú mura mbeidh aon chómhalartaíocht maidir le léasú fliuch idir an Ballstát lena mbaineann nó idir an Comhphobal agus an tríú tír ina mbeidh an t-aerárthach a bheidh ar léas fliuch cláraithe.
The competent authority may refuse to grant an approval if there is no reciprocity as regards wetleasing between the Member State concerned or the Community and the third country where the wet-leased aircraft is registered.
#1732537
Ní mór Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a leasú, dá bhrí sin, ionas go mbeifí in ann na srianta ama atá ar léasú fliuch a mhaolú, rud a bheidh le socrú i gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha.
Regulation (EC) No 1008/2008 therefore needs to be amended to allow for the relaxation of time limits on wet-leasing to be agreed in international agreements concluded by the Union with third countries.
#1732538
Ag cur san áireamh go bhfuil an Coimisiún i mbun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 i láthair na huaire, lena n-áirítear a chuid forálacha maidir le léasú fliuch agus an iarmhairt a d'fhéadfaidís a fhágáil ar fhostaithe agus ar thomhaltóirí, agus go bhféadfadh athbhreithniú ginearálta ar Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a bheith mar thoradh ar athbhreithniú an Choimisiúin, tá an Rialachán seo teoranta do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 a ailíniú leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha.
Taking into account the fact that the Commission is currently reviewing Regulation (EC) No 1008/2008, including its provisions on wet-leasing and their possible impact on employees and consumers, and that the Commission's review could lead to a general revision of Regulation (EC) No 1008/2008, this Regulation is limited to aligning Regulation (EC) No 1008/2008 with the relevant international obligations.
#1732544
“mura bhforáiltear a mhalairt i gcomhaontú idirnáisiúnta maidir le léasú fliuch arna shíniú ag an Aontas, ar comhaontú é atá bunaithe ar Chomhaontú Aeriompair dar páirtí an tAontas agus a síníodh roimh 1 Eanáir 2008, i gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:”.
‘unless otherwise provided for in an international agreement on wet-leasing signed by the Union which is based on an Air Transport Agreement to which the Union is a party and which was signed before 1 January 2008, one of the following conditions is fulfilled:’.
#1967751
Beidh léasú le criú (léasú árthaigh fheistithe) ag aeriompróir de chuid na hÚcráine ar aerárthach aeriompróra ó thríú tír, nó ag aeriompróir de chuid an Aontais Eorpaigh ar aerárthach aeriompróra ó thríú tír, seachas na haerárthaí sin a luaitear in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú seo, d’fhonn na cearta a leagtar amach sa Chomhaontú seo a shaothrú, beidh an léasú sin eisceachtúil nó déanfar é chun riachtanais shealadach a shásamh.
The leasing with crew (wet-leasing) by an air carrier of Ukraine of an aircraft of an air carrier of a third country, or by an air carrier of the European Union of an aircraft of an air carrier of a third country, other than those mentioned in Annex V to this Agreement, in order to exploit the rights set out in this Agreement, shall remain exceptional or meet temporary needs.
#2259736
Is gné é sin nach ndéanann Ryanair agus EAA araon a mheas, nuair a dhéantar comparáid idir oibríocht TAP Air Portugal agus oibríocht aerlíne ar chostas íseal nach n-oibríonn ach naisc thar a bheith brabúsach nó a fheidhmíonn aeriompróir cairte agus soláthraí léasaithe fhliuch den chuid is mó (ACMI: Aerárthaí, foireann, cothabháil, árachas) le leas an phobail teoranta.
This is an aspect that both Ryanair and EAA fail to consider, when comparing TAP Air Portugal’s operation with that of a low-cost airline operating only highly profitable connections or that of a mostly charter air carrier and a provider of wetleasing (ACMI: aircraft, crew, maintenance, insurance) with limited public interest.