#1704920
Níor tharla scríbhinn ar bith ar pháipéar ná ar phár arna déanamh nó arna scríobh tráth ar bith ag , ba as [áit chónaithe agus tuairisc], atá éagtha, an t-éagach sa chúis seo, nó faoina threoir, agus a bhí nó a d'airbheartaigh a bheith ina huacht, ina codaisíl, ina dréacht nó ina cóip d'uacht nó de chodaisíl, nó d'aon chuid d'uacht nó de chodaisíl, nó ina treoracha scríofa le haghaidh uachta nó codaisíle, nó le haghaidh aon choda d'uacht nó de chodaisíl, nó a bhí i bhfoirm, nó ag a raibh éifeacht, uachta nó codaisíle, nó coda d'uacht, de chodaisíl, nó de dhiúscairt thiomnach eile ón sin, a theacht, tráth ar bith, roimh a bhás ná dá éis, chun bheith ar láimh, ar seilbh nó ar eolas nó faoi rialú agamsa, an teisteoir seo, ach amháin fíoruacht dheireanach bhunaidh [mar aon le codaisíl nó codaisíleacha, nó dréachtchóipeanna, nó de réir mar a bheidh] an éagaigh sin atá i gceangal leis seo, is uacht í sin dar dáta an lá de 19 [agus is codaisíl (nó de réir mar a bheidh) í sin dar dáta, etc.], agus ach amháin [cuir isteach anseo dátaí agus sonraí aon pháipéar tiomnach eile a bhfuil eolas, faisnéis nó tuairim ar bith ag an teisteoir fúthu; agus luaigh an duine nó na daoine ag a bhfuil a seilbh, agus seoladh an duine nó na ndaoine sin] freisin, agus ach amháin na páipéir a luaitear go díreach ina dhiaidh seo freisin (tabhair tuairisc na bpáipéar anseo, mar aon le dátaí, etc.), a chreidim go fírinneach a bheith ina sheilbh nó faoina rialú ag as , agus deirim nach ndearna mé, ná nach ndearna aon duine thar mo cheann, ná le toiliú uaim ná de mo mhéin, agus nach eol dom agus nach gcreidim go ndearna aon duine ar chor ar bith, scríbhinn ar bith ar pháipéar ná ar phár, a bhí nó a d'airbheartaigh a bheith ina huacht, ina codaisíl, nó ina cuid d'uacht nó de chodaisíl, ina dréacht nó ina cóip d'uacht nó de chodaisíl, nó d'aon chuid d'uacht nó de chodaisíl, nó ina treoir scríofa le haghaidh uachta nó codaisíle, nó le haghaidh aon choda d'uacht nó de chodaisíl, nó a bhí i bhfoirm, nó ag a raibh éifeacht, uachta nó codaisíle, nó diúscartha tiomnaí eile, nó aon choda d'uacht nó de chodaisíl nó de dhiúscairt thiomnach eile, ón sin, éagach, a chealú, a choinneáil siar, ná a dhíothú, ná a chur á cealú, á coinneáil siar ná á díothú.
No paper or parchment writing at any time made or written by or under the direction of late of [place of abode and description] deceased, the deceased in this cause, being or purporting to be a will, codicil, draft or copy of a will or codicil, or of any part of a will or codicil, or written instructions for a will or codicil, or for any part of a will or codicil, or having the form or effect of a will or codicil, or of part of a will, codicil, or other testamentary disposition of the said , has at any time, either before or since his death, come to the hands, possession, or knowledge, or under the control of me, this deponent, save and except the true and original last will [and one codicil or codicils, or draft copies, or as the case may be] of said deceased hereunto annexed, the said will, bearing date the day of ,19 [and the said codicil (or as the case may be) bearing date, &c.], and also save and except [here add the dates and particulars of any other testamentary papers of which the deponent has any knowledge, information or belief; and state the person or persons in whose possession same are, and the address of such person or persons), and also save and except the next hereinafter mentioned papers (here describe the papers, with dates, &c.], which I verily believe are in the possession or under the control of of and I say that I have not, nor has any person for me, or by my consent or desire, or at all to my knowledge or belief, cancelled, suppressed, or destroyed, or caused to be cancelled, suppressed, or destroyed, any paper or parchment writing, being or purporting to be a will, codicil, or pan of a will or codicil, draft or copy of a will or codicil, or of any part of a will or codicil, or written instruction for a will or codicil, or for any part thereof, or having the form or effect of a will or codicil, or other testamentary disposition, or any part of a will or codicil or other testamentary disposition of the said deceased.