#296847
1. Ní fhéadfaidh máthair-iompróir, faoi réir an chómhalartaithe dá dtagraítear i mír 2, idirdhealú a dhéanamh in aghaidh CAR atá in iomaíocht leis trí dhiúltú, arna iarraidh sin dó agus le tráthúlacht chomhionann, na sonraí céanna a sholáthar maidir le sceidil, táillí agus infhaighteacht a bhaineann lena tháirgí iompair féin agus a sholáthraíonn sé dá CAR féin a sholáthar nó a tháirgí iompair a dháileadh trí CAR eile, nó trí dhiúltú áirithint arna déanamh trí CAR atá in iomaíocht leis a ghlacadh ná a dhaingniú leis an tráthúlacht chéanna d’aon cheann dá tháirgí iompair agus a dháiltear trína CAR féin.
1. A parent carrier shall not, subject to reciprocity as referred to in paragraph 2, discriminate against a competing CRS by refusing to provide the latter, on request and with equal timeliness, with the same data on schedules, fares and availability relating to its own transport products as those which it provides to its own CRS or to distribute its transport products through another CRS, or by refusing to accept or to confirm with equal timeliness a reservation made through a competing CRS for any of its transport products which are distributed through its own CRS.