#480820
(3) Gan dochar d’alt 131 nó 134, ní bheidh achomharcóir nó duine a dhéanfaidh an tarchur i dteideal mionléiriú i scríbhinn a dhéanamh ar na forais achomhairc nó tarchuir a luafar san achomharc nó sa tarchur, ná aighneachtaí breise i scríbhinn a dhéanamh i ndáil leis na forais sin, ná forais bhreise achomhairc nó tarchuir a chur isteach agus ní bhreithneoidh an Bord aon mhionléiriú, aighneachtaí nó forais bhreise den sórt sin a gheobhaidh sé.
(3) Without prejudice to section 131 or 134, an appellant or person making the referral shall not be entitled to elaborate in writing upon, or make further submissions in writing in relation to, the grounds of appeal or referral stated in the appeal or referral or to submit further grounds of appeal or referral and any such elaboration, submissions or further grounds of appeal or referral that is or are received by the Board shall not be considered by it.