#2858016
Chun na críche sin, foráiltear le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2020/472, i gcomhréir leis na Rúin ábhartha ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar shampla Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Rún 2473 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus go háirithe Rún 2292 (2016) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe , agus de réir mar a cheanglaítear sin, go ndéanfaidh EUNAVFOR MED IRINI, laistigh den Limistéar Oibríochta arna chomhaontú ar an mórmhuir amach ó chósta na Libia, cigireachtaí ar shoithí atá ag triall ar an Libia nó ón Libia i gcás ina mbeidh forais réasúnacha ann lena chreidiúint go bhfuil airm nó ábhar gaolmhar á n-iompar ag na soithí sin chuig an Libia nó ón Libia, go díreach nó go hindíreach, de shárú ar an trádbhac arm ar an Libia, agus go bhfuil EUNAVFOR MED IRINI le gníomhaíocht ábhartha a dhéanamh chun na hítimí sin a urghabháil agus a dhiúscairt.
For that purpose, Article 2(3) of Decision (CFSP) 2020/472 provides that, in accordance with the relevant United Nations Security Council Resolutions, such as UNSCR 1970 (2011) and UNSCR 2473 (2019), and in particular UNSCR 2292 (2016), as required, EUNAVFOR MED IRINI is to carry out, within the agreed Area of Operation on the high seas off the coast of Libya, inspections of vessels bound to or from Libya where there are reasonable grounds to believe that such vessels are carrying arms or related materiel to or from Libya, directly or indirectly, in violation of the arms embargo on Libya, and that EUNAVFOR MED IRINI is to take relevant action to seize and dispose of such items.