#3050029
Á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh na Gníomhaireachta chun sineirgí a chruthú le gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile (CGB) eile i roinnt réimsí, lena n-áirítear digitiú agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, rannchuidiú gníomhach na Gníomhaireachta le 60 gníomhaíocht ar an iomlán i réimse CGB in 2021; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta páirt a ghlacadh i nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh éagsúla, amhail measúnú ar scileanna bainistíochta; ag tabhairt dá haire, go háirithe, comhar na Gníomhaireachta le Eurojust maidir le liosta de ghníomhaíochtaí nithiúla a chomhaontú i réimsí leasa choitinn (e.g. Barántas Gabhála Eorpach) atá le cur chun feidhme in 2021–2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur shínigh an Ghníomhaireacht comhaontuithe oibre nó meabhráin tuisceana le Europol, CEPOL, Eurojust agus EIGE in 2021; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht do chearta bunúsacha a chuireann an Ghníomhaireacht ar fáil do thionscadail a bhaineann le IS agus bithmhéadracht, atá faoi stiúir na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus Europol;
Welcomes the Agency’s initiatives to create synergies with other justice and home affairs (JHA) agencies in a number of fields, including digitalisation and the implementation of the European Green Deal; notes with appreciation the Agency’s active contribution to a total of 60 activities in the JHA area in 2021; welcomes the Agency’s decision to participate in various joint procurement procedures, such as on the assessment of management skills; notes in particular the Agency’s cooperation with Eurojust in agreeing on a list of concrete actions in areas of common interest (e.g. European Arrest Warrant) to be implemented in 2021–2022; further notes that the Agency signed in 2021 working agreements or memorandums of understanding with Europol, CEPOL, Eurojust and EIGE; welcomes the fundamental rights support offered by the Agency to projects related to AI and biometrics, led by the European Border and Coast Guard Agency (Frontex) and Europol;