#754866
Sa bhreis ar an tuairisciú a cheanglaítear cheana féin faoi Threoir 2009/65/CE nó Treoir 2011/61/AE agus chun a áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla rioscaí i margadh na CMAnna a bhrath, faireachán a dhéanamh orthu agus gníomhú ina leith, ba cheart do CMAnna liosta mionsonraithe faisnéise a thuairisciú dá n-údaráis inniúla maidir leis an CMA, lena n-áirítear cineál agus saintréithe an CMA, táscairí punainne agus faisnéis faoi na sócmhainní atá sa phunann.
In addition to reporting already required under Directive 2009/65/EC or 2011/61/EU and to ensure that competent authorities are able to detect, monitor and respond to risks in the MMF market, MMFs should report to their competent authorities a detailed list of information on the MMF, including the type and characteristics of the MMF, portfolio indicators and information on the assets held in the portfolio.