Gaois

Search direction

Search mode

Filter results

Collections

55 results in 27 documents

  1. #2802382

    Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, ní chealóidh siad na haonaid dá dtagraítear in Airteagal 11a ach amháin i leith na cainníochta ar thug an Ballstát sin fógra ina leith, i gcomhréir le mír 6, i dtaca leis an tréimhse chomhlíontachta CORSIA ábhartha.

    Aircraft operators that hold an air operator certificate issued by a Member State or are registered in a Member State, including in the outermost regions, dependencies and territories of that Member State, shall cancel units referred to in Article 11a only in respect of the quantity notified by that Member State, in accordance with paragraph 6, in respect of the relevant CORSIA compliance period.

    Directive (EU) 2023/958 of the European Parliament and of the Council of 10 May 2023 amending Directive 2003/87/EC as regards aviation’s contribution to the Union’s economy-wide emission reduction target and the appropriate implementation of a global market-based measure (Text with EEA relevance)

  2. #2802417

    I gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb ann do shaobhadh suntasach iomaíochta, amhail saobhadh arb é is cúis leis tríú tír a bheith ag cur CORSIA i bhfeidhm ar bhealach nach bhfuil chomh dian céanna ina dhlí intíre nó a bheith ag mainneachtain forálacha CORSIA a fhorfheidhmiú ar bhealach atá cothrom a mhéid a bhaineann le gach oibreoir aerárthaí, a dhéanann dochar d’oibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun na hoibreoirí aerárthaí sin a dhíolmhú ó na ceanglais fritháirimh mar a leagtar síos in Airteagal 12(9) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí chuig Stáit den sórt sin agus amach astu.

    Where the Commission determines that there is a significant distortion of competition, such as a distortion caused by a third country applying CORSIA in a less stringent manner in its domestic law or failing to enforce CORSIA provisions in an equal manner for all aircraft operators, which is detrimental to aircraft operators that hold an air operator certificate issued by a Member State or are registered in a Member State, including in the outermost regions, dependencies and territories of that Member State, the Commission shall adopt implementing acts to exempt those aircraft operators from offsetting requirements as laid down in Article 12(9) in respect of emissions from flights to and from such States.

    Directive (EU) 2023/958 of the European Parliament and of the Council of 10 May 2023 amending Directive 2003/87/EC as regards aviation’s contribution to the Union’s economy-wide emission reduction target and the appropriate implementation of a global market-based measure (Text with EEA relevance)

  3. #2835707

    Ós rud é nach bhfuil fianaise tugtha don Choimisiún ag CAC lena léireofaí go bhfuil cumas leordhóthanach aige na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú, ní ráthaítear le heisiúint deimhnithe aeroibreora (AOC) don aeriompróir nua sin go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta ábhartha á gcomhlíonadh go leordhóthanach.

    Since CAC has not provided the Commission with evidence to demonstrate a sufficient ability to implement and enforce the relevant international safety standards, the issuance of an air operator certificate (‘AOC’) to this new air carrier does not guarantee sufficient compliance with the relevant international safety standards.

    Commission Implementing Regulation (EU) 2023/1111 of 6 June 2023 amending Regulation (EC) No 474/2006 as regards the list of air carriers banned from operating or subject to operational restrictions within the Union (Text with EEA relevance)

  4. #2891428

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1384 ón gCoimisiún an 24 Iúil 2019 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 965/2012 agus (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann le húsáid aerárthaí a liostaítear ar dheimhniú aeroibreora le haghaidh oibríochtaí neamhthráchtála agus oibríochtaí speisialaithe, le ceanglais oibríochtúla a bhunú maidir le heitiltí trialacha cothabhála a dhéanamh, le rialacha a bhunú maidir le hoibríochtaí neamhthráchtála le foireann cábáin laghdaithe ar bord agus le nuashonruithe a thabhairt isteach maidir le ceanglais oibríochtaí aeir, arna cheartú le IO L 230, 6.9.2019, lch. 10, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    Commission Implementing Regulation (EU) 2019/1384 of 24 July 2019 amending Regulations (EU) No 965/2012 and (EU) No 1321/2014 as regards the use of aircraft listed on an air operator certificate for non-commercial operations and specialised operations, the establishment of operational requirements for the conduct of maintenance check flights, the establishment of rules on non-commercial operations with reduced cabin crew on board and introducing editorial updates concerning air operations requirements, as corrected by OJ L 230, 6.9.2019, p. 10, is to be incorporated into the EEA Agreement.

    Decision of the EEA Joint Committee No 115/2023 of 28 April 2023 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2023/2264]

  5. #2802418

    Maidir le hoibreoirí aerárthaí a bhfuil deimhniú aeroibreora acu a d’eisigh Ballstát nó atá cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin, i gcás ina n-oibríonn na hoibreoirí aerárthaí sin eitiltí idir dhá Stát dhifriúla a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, lena n-áirítear eitiltí a dhéantar idir an Eilvéis, an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo, agus ina gceadaíonn na Stáit sin d’oibreoirí aerárthaí aonaid a úsáid sa bhreis ar na cinn atá ar an liosta sin atá ar an liosta arna ghlacadh de bhun Airteagal 11a(8), tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena gceadaítear do na hoibreoirí aerárthaí sin cineálacha aonad a úsáid atá sa bhreis ar na cinn atá ar an liosta nó gan a bheith faoi cheangal na gcoinníollacha in Airteagal 11a(2) agus (3) i ndáil le hastaíochtaí ó eitiltí den sórt sin.

    Where aircraft operators that hold an air operator certificate issued by a Member State or are registered in a Member State, including in the outermost regions, dependencies and territories of that Member State, operate flights between two different States listed in the implementing act adopted pursuant to paragraph 3 of this Article, including flights that take place between Switzerland, the United Kingdom and States listed in the implementing act adopted pursuant to paragraph 3 of this Article, and those States allow aircraft operators to use units other than those on the list adopted pursuant to Article 11a(8), the Commission shall be empowered to adopt implementing acts allowing those aircraft operators to use unit types additional to those on the list or not to be bound by the conditions of Article 11a(2) and (3) in respect of emissions from such flights.

    Directive (EU) 2023/958 of the European Parliament and of the Council of 10 May 2023 amending Directive 2003/87/EC as regards aviation’s contribution to the Union’s economy-wide emission reduction target and the appropriate implementation of a global market-based measure (Text with EEA relevance)