#1223728
—(1) I gcás ina n-éagfaidh bean a bhí, tráth ar bith sular éag sí, ina bean phósta agus í ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh sé sin, nó, más marbh dó, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó dháta probháid nó litreacha riaracháin a dheonú i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, dáta ar bith is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire á dhearbhú go séanann sé nó siad, a mhéid a cheadaítear leis an alt seo, freagarthacht sa cháin ioncaim nó sa bhforcháin a bheidh gan íoc maidir lena hioncam uile d'aon bhliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta, is bliain mheasúnachta, nó cuid de bhliain mheasúnachta, a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis, agus arbh eisean a fearchéile ar a feadh agus ise ina cónaí leis.
—(1) Where a woman dies who, at any time before her death, was a married woman living with her husband, he or, if he is dead, his executors or administrators may, not later than two months from the date of the grant of probate or letters of administration in respect of her estate or, with the consent of her executors or administrators, at any later date, give to her executors or administrators and to the inspector a notice in writing declaring that, to the extent permitted by this section, he or they disclaim or disclaim responsibility for unpaid income tax or unpaid surtax in respect of all income of hers for any year of assessment or part of a year of assessment, being a year of assessment or part of a year of assessment which began on or after the 6th day of April, 1958, and during which he was her husband and she was living with him.