#794753
—Más dó leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí nár dhin comhairle chontae leor-sholáthar, tríd an ráta dealbhais, chun na costaisí d'íoc fé n-a raghaid an bhliain airgeadais áitiúil dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1926, déanfidh an chomhairle chontae sin, má orduíonn an tAire sin é, aon chuid den deontas bhreise a thiocfidh chun bheith iníoctha chun na comhairle contae sin an bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1925, do chur chun costaisí reatha d'íoc, no i pé slí eile is dó leis an Aire sin is oiriúnach, agus ní bhainfidh forálacha alt 3 den Acht so leis an gcás san.
—If, in the opinion of the Minister for Local Government and Public Health a county council has failed to make adequate provision by means of the poor rate for defraying the expenses to be incurred by them in the local financial year ending on the 31st day of March, 1926, such county council shall, if the said Minister so directs, apply any portion of the supplementary grant that becomes payable to such county council in the financial year beginning on the 1st day of April, 1925, for the purpose of defraying current expenses or in such other manner as the said Minister shall think advisable and in such case the provisions of section 3 of this Act shall not apply.