#755152
Ní bheidh feidhm ag an teorainn a leagtar síos i mír 1 maidir le sealúchais in ionstraimí margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ag an Aontas, ag riaracháin náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, nó ag a mBainc Cheannais, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an gCiste Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, ag údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír, ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, ag an mBanc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag Banc Forbartha Chomhairle na hEorpa, ag an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, ag an mBanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta, nó ag aon institiúid nó eagraíocht airgeadais idirnáisiúnta ábhartha eile a mbaineann Ballstát amháin nó níos mó léi.
The limit laid down in paragraph 1 shall not apply in respect of holdings of money market instruments issued or guaranteed by the Union, national, regional and local administrations of the Member States or their central banks, the European Central Bank, the European Investment Bank, the European Investment Fund, the European Stability Mechanism, the European Financial Stability Facility, a central authority or central bank of a third country, the International Monetary Fund, the International Bank for Reconstruction and Development, the Council of Europe Development Bank, the European Bank for Reconstruction and Development, the Bank for International Settlements, or any other relevant international financial institution or organisation to which one or more Member States belong.