#2626712
á chur i bhfios go láidir ról ríthábhachtach an Mhaoirseora i ndáil le cosaint a thabhairt do shonraí pearsanta agus don phríobháideachas, ar dhá cheart bhunúsacha san Aontas iad, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, go háirithe ábharthacht agus tionchar a mheasúnaithe ar a mhéid a chomhlíontar an chosaint sonraí leis an iliomad feidhmchlár rianaithe teagmhálaithe agus rabhaidh atá in úsáid i bhfad is i ngearr le linn na paindéime; á aithint an t-ualach oibre breise a bhí ann ina dhiaidh sin sa bhreis ar na gnáthchúraimí a bhí ar an Maoirseoir agus is mór aici nach amháin go n-áiríonn an Maoirseoir leanúnachas gnó ach gur mhéadaigh sé a tháirgiúlacht a bhuí, inter alia, le digitiú an tsreafa oibre; á chur in iúl gur geal léi gur bhunaigh an Maoirseoir Tascfhórsa speisialta um COVID-19, a cruthaíodh chun déileáil leis na hiarrataí sin ar fad, leis an mhaoirseacht agus leis an gcomhairle maidir leis na bearta sin arna gcur i bhfeidhm chun an phaindéim a chomhrac (feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe, seiceálacha teochta, vacsaíniú); ag tabhairt le fios gurb amhlaidh, i mí an Mhárta 2020, mar fhreagairt ar chomhairliúchán an Choimisiúin maidir le húsáid sonraí teileachumarsáide chun faireachán a dhéanamh ar leathadh phaindéim COVID-19, a mhol an Maoirseoir go ndíreofaí ar íoslaghdú a dhéanamh ar bhailiú agus coinneáil sonraí pearsanta, anaithnidiú sonraí, slándáil sonraí agus rochtain ar shonraí, leormhaitheas na dtréimhsí coinneála sonraí, agus cur chuige díláraithe i leith stóráil agus próiseáil sonraí;
Underlines the crucial role of the Supervisor in protecting personal data and privacy, two fundamental rights in the Union, in the context of the COVID-19 pandemic, particularly the relevance and influence of its assessment of compliance with data protection of the numerous contact tracing and warning apps widespread during the pandemic; acknowledges the subsequent additional workload that has faced the Supervisor in addition to its regular tasks and appreciates that the Supervisor not only ensured business continuity but also increased its productivity thanks to, inter alia, the digitalisation of workflows; welcomes that the Supervisor established a special COVID-19 Task Force, created to deal with all these requests, the supervision and advice as regards those measures put in place to fight the pandemic (contact-tracing apps, temperature checks, vaccination); points out that, in March 2020, in response to the Commission’s consultation on the use of telecommunications data for the monitoring of the spread of the COVID-19 pandemic, the Supervisor suggested to focus on the minimisation of the collection and retention of personal data, data anonymisation, data security and data access, adequacy of data retention periods, and a decentralised approach to data storage and processing;