#1044767
—(1) Féadfar, maidir le cásanna ina mbeidh dhá cheann nó níos mó acu seo a leanas iníoctha le duine, is é sin lé rá, aon tsochar, pinsean, liúntas nó cúnamh faoi Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1952, na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1952, na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1952, nó na hAchta Liúntas Leanaí 1944 agus 1946, a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon tsochar, pinsean, liúntas nó cúnamh den tsórt adúradh (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha leis an duine sin.
—(1) Regulations may, with respect to cases in which two or more of the following, that is to say, any benefit, pension, allowance or assistance under the Old Age Pensions Acts, 1908 to 1952, the National Health Insurance Acts, 1911 to 1952, the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1952, the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1952, the Widows' and Orphans' Pensions Acts, 1935 to 1952, or the Children's Allowances Acts, 1944 and 1946, are payable to a person, provide for adjusting any benefit, pension, allowance or assistance such as aforesaid (including disallowing payment thereof wholly or partly) that may be payable to such person.