Gaois

Search direction

Search mode

Filter results

Collections

63 results in 12 documents

  1. #2415975

    Cuideoidh sé le Stáit bearnaí ina gcórais náisiúnta rialaithe mionarm a shainaithint agus réimsí tosaíochta a chinneadh ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun cumais náisiúnta a neartú agus chun cur chun feidhme iomlán agus éifeachtach PoA/ITI a áirithiú.

    It will assist States to identify gaps in their national small arms control systems and determine priority areas to be addressed to strengthen national capabilities and ensure the full and effective implementation of the PoA/ITI.

    Council Decision (CFSP) 2022/1965 of 17 October 2022 in support of the United Nations Programme of Action to Prevent, Combat and Eradicate the Illicit Trade in Small Arms and Light Weapons in All Its Aspects

  2. #2415977

    Féadfar an uirlis mheasúnaithe MOSAIC a úsáid freisin chun tacú le bailiú agus tiomsú faisnéise atá le háireamh i dtuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme PoA/ITI agus chun forbairt tograí tionscadail a éascú chun críocha tiomsaithe airgid.

    The MOSAIC assessment tool can also be used to support the collection and compilation of information to be included in national reports on the implementation of the PoA/ITI and facilitate the development of project proposals for fundraising purposes.

    Council Decision (CFSP) 2022/1965 of 17 October 2022 in support of the United Nations Programme of Action to Prevent, Combat and Eradicate the Illicit Trade in Small Arms and Light Weapons in All Its Aspects

  3. #2416012

    Acmhainneacht na sochaí sibhialta maidir le rialú SALW a fhothú — ábhair bheartas-dhírithe a fhorbairt agus deiseanna foghlama a eagrú do chomhaltaí IANSA, lena n-áirítear seimineáir ghréasáin agus cuir i láthair, chun measúnú agus feabhsú a dhéanamh ar an eolas ar PoA/ITI agus ar ionstraimí idirnáisiúnta/réigiúnacha/foréigiúnacha eile atá ábhartha maidir le rialú SALW i measc na sochaí sibhialta, chun cur ar a gcumas tacú le rialú mionarm agus an rialú sin a chur chun cinn.

    Civil society capacity building on SALW control - develop policy-oriented materials and organize learning opportunities for IANSA members, including webinars and presentations, to assess and improve the knowledge of the PoA/ITI and other international/regional/subregional instruments relevant for the control of SALW among civil society to enable them to advocate and promote small arms control.

    Council Decision (CFSP) 2022/1965 of 17 October 2022 in support of the United Nations Programme of Action to Prevent, Combat and Eradicate the Illicit Trade in Small Arms and Light Weapons in All Its Aspects

  4. #2416013

    Rannpháirtíocht, abhcóideacht agus clár for-rochtana na sochaí sibhialta maidir le socrú spriocanna náisiúnta agus réigiúnacha, pleananna gníomhaíochta, agus/nó treochláir — i gcomhairle agus i gcomhar le UNODA agus lena lárionaid réigiúnacha, tacóidh IANSA lena chomhaltaí líonra chun spriocanna agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a phlé le hoifigigh agus chun forbairt spriocanna agus tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha a chur chun cinn chun PoA/ITI a chur chun feidhme.

    Civil society engagement, advocacy, and outreach programme on national and regional target-setting, action plans, and/or roadmaps - in consultation and collaboration with UNODA and its regional centres, IANSA will support its network members to discuss with officials and promote the development by states of national and regional targets and priorities for the implementation of the PoA/ITI.

    Council Decision (CFSP) 2022/1965 of 17 October 2022 in support of the United Nations Programme of Action to Prevent, Combat and Eradicate the Illicit Trade in Small Arms and Light Weapons in All Its Aspects

  5. #2416017

    Is é an Líonra Idirnáisiúnta Gníomhaíochta maidir le Mionairm (IANSA) a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí sin, i gcuibhreann/i gcomhar le UNODA agus a lárionaid réigiúnacha agus tacóidh sé le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta i gcur chun feidhme iomlán agus éifeachtach PoA/ITI.

    These activities will be carried out by the International Action Network on Small Arms (IANSA), in liaison/cooperation with UNODA and its regional centres and support civil society involvement in the full and effective implementation of the PoA/ITI.

    Council Decision (CFSP) 2022/1965 of 17 October 2022 in support of the United Nations Programme of Action to Prevent, Combat and Eradicate the Illicit Trade in Small Arms and Light Weapons in All Its Aspects

  6. #2416117

    Dá bhrí sin, chomhaontaigh na stáit ag an Seachtú Cruinniú Débhliantúil na Stát maidir le PoA (BMS7) “breithniú ar spriocanna deonacha náisiúnta agus réigiúnacha a bhunú i gcomhréir le forálacha an Chláir Gníomhaíochta, agus comhthéacsanna éagsúla náisiúnta agus réigiúnacha á gcur san áireamh, d’fhonn úinéireacht náisiúnta agus réigiúnach agus tomhas an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme a neartú.” Ba cheart baint a bheith ag na spriocanna sin le gníomhaíochtaí a leagtar amach i bpleananna gníomhaíochta náisiúnta nó straitéisí náisiúnta maidir le SALW, lena n-áirítear treochláir réigiúnacha, agus ba cheart iad a bheith intomhaiste agus ailínithe le PoA agus ITI agus leis na Spriocanna a comhaontaíodh i gClár Oibre 2030.

    Hence, states agreed at the Seventh Biennial Meeting of States on the PoA (BMS7) “to consider the establishment of voluntary national and regional targets in line with the provisions of the Programme of Action, taking into account varying national and regional contexts, with a view to strengthening national and regional ownership and the measurability of implementation progress.” Such targets should relate to actions set out in national action plans or strategies on SALW, including regional roadmaps, and should be measurable and be aligned with the PoA and ITI as well as the Goals and targets agreed in the 2030 Agenda.

    Council Decision (CFSP) 2022/1965 of 17 October 2022 in support of the United Nations Programme of Action to Prevent, Combat and Eradicate the Illicit Trade in Small Arms and Light Weapons in All Its Aspects

  7. #2453606

    Cur chuige i leith úsáid Infheistíochtaí Críochacha Comhtháite (ICC) (mar a shainítear in Airteagal 36 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013) seachas i gcásanna nach gcumhdaítear le pointe 4.2, agus an leithdháileadh airgeadais táscach a bheadh ag gabháil dóibh ó gach ais tosaíochta

    Approach to the use of Integrated Territorial Investments (ITI) (as defined in Article 36 of Regulation (EU) No 1303/2013) other than in cases covered by point 4.2, and their indicative financial allocation from each priority axis

    Commission Implementing Regulation (EU) 2022/872 of 1 June 2022 amending Implementing Regulation (EU) No 288/2014 as regards changes to the model for operational programmes under the Investment for growth and jobs goal and the model for cooperation programmes under the European territorial cooperation goal with regard to Cohesion’s actions for refugees in Europe (CARE)

  8. #2681087

    Déanfar na tionscadail a liostaítear i gCinneadh (CBES) 2019/2191 a threisiú tríd an méid seo a leanas: 1) minicíocht mhéadaithe agus fad méadaithe na misean chun sonraí a bhailiú maidir le soláthairtí aindleathacha gnáth-arm isteach i réigiúin ina bhfuil coinbhleacht; 2) pacáistí tacaíochta saincheaptha a chuirtear ar fáil do na Ballstáit ina mbeidh comhairliúchán díreach, sonraí agus aschuir shaincheaptha, deasc chabhrach 24 uair an chloig, agus cúraimí fíoraithe iar-loingsithe; agus 3) oiliúint agus meantóireacht do na húdarás náisiúnta i Stáit atá buailte ag coinbhleacht chun gnáth-airm aindleathacha a aimsítear nó a urghabhtar ar a ndlínse chríochach a rianú, chun acmhainneacht i gcoinne atreorú a fhorbairt, lena n-áirítear acmhainneachtaí rianaithe faoi chuimsiú na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, chun bainistiú arm a fheabhsú, lena n-áirítear taifid a choinneáil, agus chun borradh a chur faoi bhailiú sonraí iTrace.

    The projects listed in Decision (CFSP) 2019/2191 will be reinforced by: 1) the increased frequency and duration of missions to gather data on illicit conventional arms supplies into conflict-affected regions; 2) tailored support packages provided to Member States comprising direct consultation, bespoke data and outputs, a 24-hour help desk, and post-shipment verification tasking; and 3) the training and mentoring of national authorities in conflict-affected States to trace illicit conventional arms found or seized on their territorial jurisdiction, to build counter-diversion capacity, including tracing capacities in the framework of the International Tracing Instrument (ITI), to enhance weapon management, including record keeping, and to boost the collection of iTrace data.

    Council Decision (CFSP) 2023/387 of 20 February 2023 in support of a global reporting mechanism on illicit conventional arms and their ammunition to reduce the risk of their diversion and illicit transfer (‘iTrace V’)

  9. #2681092

    faisnéis nithiúil a sholáthar maidir le hatreorú agus gáinneáil ar ghnáth-airm mar aon lena n-armlón, chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach Chomhsheasamh 2008/944 ón gComhairle (comhdhlúite), an Chonartha Trádála Arm (CTA), Chlár Gníomhaíochta na Náisiún Aontaithe maidir le Trádáil Aindleathach SALW agus na hIonstraime Idirnáisiúnta Rianaithe;

    provide concrete information on the diversion and trafficking of conventional arms and their ammunition, to support the effective implementation of Council Common Position 2008/944 (consolidated), the Arms Trade Treaty (ATT), the UN Programme of Action on the Illicit Trade in SALW and the International Tracing Instrument (ITI);

    Council Decision (CFSP) 2023/387 of 20 February 2023 in support of a global reporting mechanism on illicit conventional arms and their ammunition to reduce the risk of their diversion and illicit transfer (‘iTrace V’)

  10. #2681119

    Ceapadh na gníomhaíochtaí oiliúna agus meantóireachta sin chun borradh a chur faoi thionscnaimh náisiúnta i gcoinne an atreoraithe ar fud na tíre trí theagasc agus forbairt acmhainneachtaí a chur ar fáil maidir le rianú, marcáil agus coinneáil taifead a dhéanamh ar ghnáth-airm aindleathacha urghafa agus ghafa, ag cloí le nósanna imeachta a bhunaítear leis an Ionstraim Idirnáisiúnta Rianaithe, agus trí mheasúnuithe slándála fisiciúla agus bainistithe stoc-charn a chur ar fáil atá ceaptha chun rioscaí atreoraithe a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu ag an bhfoinse.

    These training and mentoring activities are designed to boost national counter-diversion initiatives across the board by providing instruction and capacity development on conventional arms tracing, marking and record keeping, following ITI established procedures, of seized and captured illicit conventional arms, and PSSM assessments that are designed to identify and address diversion risks at source.

    Council Decision (CFSP) 2023/387 of 20 February 2023 in support of a global reporting mechanism on illicit conventional arms and their ammunition to reduce the risk of their diversion and illicit transfer (‘iTrace V’)

  11. #2681135

    cuirfidh sé cúnamh acmhainneachta nithiúil ar fáil do rialtais náisiúnta nach bhfuil na huirlisí acu chun gnáth-airm atreoraithe a shainaithint agus tuairisciú orthu, agus iad ag fulaingt mar thoradh ar thionchar an atreoraithe gnáth-arm; is minic gur réamhtheachtaí é sin do bhainistiú gnáth-arm intíre níos éifeachtaí agus, dá réir sin, tacaíonn sé le cur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, na Ionstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, an Chláir Gníomhaíochta maidir le mionairm agus armáin éadroma, agus le clársceidealú SDG 16.4.2 agus PSSM agus leis an idirchaidreamh le comhlachtaí idirnáisiúnta forfheidhmithe dlí, lena n-áirítear Interpol (iARMS) agus Europol.

    provide concrete capacity assistance to national governments that, while suffering the impacts of conventional arms diversion, lack the tools to identify and report on diverted conventional arms; this is often a precursor to more effective domestic conventional arms management and, as such, supports implementation of the ATT, ITI, PoA, and SDG 16.4.2 and PSSM programming and liaison with international law enforcement bodies, including Interpol (iARMS) and Europol.

    Council Decision (CFSP) 2023/387 of 20 February 2023 in support of a global reporting mechanism on illicit conventional arms and their ammunition to reduce the risk of their diversion and illicit transfer (‘iTrace V’)

  12. #2681200

    Coinneofar rannpháirtíocht taidhleoireachta chuimsitheach CAR chun iTrace agus torthaí an tionscadail a chur i láthair, a úsáid agus chun forbairt a dhéanamh orthu, agus cuirfear béim, ar an gcéad dul síos, ar na tairbhí nithiúla a bhaineann leis chun cuidiú le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, an Chláir Gníomhaíochta maidir le mionairm agus armáin éadroma, na Ionstraime Idirnáisiúnta Rianaithe, agus na réimis ábhartha smachtbhannaí iltaobhacha agus réigiúnacha, agus ionstraimí idirnáisiúnta ábhartha eile; ar an dara dul síos, ar an úsáid is féidir a bhaint as chun réimsí tosaíochta a shainaithint le haghaidh cúnamh agus comhar idirnáisiúnta; agus ar an tríú dul síos, ar an úsáid is féidir a bhaint as mar shásra próifílithe measúnaithe riosca le haghaidh na n-údarás um cheadúnú onnmhairithe arm agus geallsealbhóirí eile;

    CAR will maintain its comprehensive diplomatic engagement to showcase, utilise, and build upon iTrace and its outputs, with an emphasis on 1) its concrete benefits for assisting in monitoring the implementation of the ATT, the PoA, the ITI, and relevant multilateral and regional sanctions regimes, and other relevant international instruments; 2) its utility in identifying priority areas for international assistance and cooperation; and 3) its utility as a risk assessment profiling mechanism for arms export licensing authorities and other relevant stakeholders;

    Council Decision (CFSP) 2023/387 of 20 February 2023 in support of a global reporting mechanism on illicit conventional arms and their ammunition to reduce the risk of their diversion and illicit transfer (‘iTrace V’)

  13. #2681207

    ardófar próifíl phoiblí an rianaithe ar ghnáth-airm mar aon lena n-armlón mar bhealach chun cuidiú le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chonartha Trádála Arm, an Chláir Gníomhaíochta maidir le mionairm agus armáin éadroma, na Ionstraime Idirnáisiúnta Rianaithe agus na n-ionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile maidir le rialú arm agus rialú ar onnmhairiú arm.

    raise the public profile of conventional arms and their ammunition tracing as a means to assist in monitoring the implementation of the ATT, PoA, and ITI and other international and regional arms control and arms export control instruments.

    Council Decision (CFSP) 2023/387 of 20 February 2023 in support of a global reporting mechanism on illicit conventional arms and their ammunition to reduce the risk of their diversion and illicit transfer (‘iTrace V’)