#488874
(2) Déanfaidh an páirtí lena mbaineann achomharc faoin mír seo a thionscnamh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Chúirt Oibreachais, laistigh de 6 sheachtain (nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an Chúirt Oibreachais sna himthosca áirithe) ón dáta a cuireadh an bhreith lena mbaineann sé in iúl don pháirtí, ina mbeidh cibé sonraí a chinnfidh an Chúirt Oibreachais faoi fhomhír (4) agus ina ndéarfar go bhfuil beartaithe ag an bpáirtí lena mbaineann achomharc a dhéanamh in aghaidh na breithe.
(2) An appeal under this paragraph shall be initiated by the party concerned, giving, within 6 weeks (or such greater period as the Labour Court may determine in the particular circumstances) from the date on which the decision to which it relates was communicated to the party, a notice in writing to the Labour Court containing such particulars as are determined by the Labour Court under subparagraph (4) and stating the intention of the party concerned to appeal against the decision.