#1406404
17. —(1) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Bhoird agus nach mbeidh forais an achomhairc luaite i scríbhinn, féadfaidh an Bord fógra a sheirbheáil ar an achomharcóir— [EN] (a) á cheangal air ráiteas i scríbhinn i dtaobh fhorais a achomhairc a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach lú na ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra), agus [EN] (b) á rá, mura gcomhlíonfar ceanglais an fhógra, go ndéanfaidh an Bord, tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine, a dhearbhú, de bhun an ailt seo, go n-áireofar an t-achomharc a bheith tarraingthe siar. [EN] (2) I gcás ina mbeidh fógra seirbheáilte, faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, tar éis dó an freagra (más ann) ar an bhfógra a bhreithniú, a dhearbhú, más cuí leis é, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don pháirtí ar a mbeidh an fógra seirbheáilte amhlaidh, go n-áireofar an t-achomharc lena mbaineann an fógra a bheith tarraingthe siar. [EN] Cumhacht an Bhoird maidir le moill ag páirtithe etc., in achomhairc. 18. —(1) Más é tuairim an Bhoird go bhfuil aon doiciméad, aon sonraí nó aon fhaisnéis eile riachtanach chun go mbeidh ar a chumas achomharc a bheidh déanta faoi alt 26 (5) den Phríomh-Acht a chinneadh, féadfaidh an Bord fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar aon duine is páirtí san achomharc, nó ar aon duine eile a mbeidh aighneachtaí déanta aige chun an Bhoird nó barúlacha tugtha aige dó maidir leis an achomharc— [EN] (a) á cheangal ar an duine sin an doiciméad, na sonraí nó an fhaisnéis eile sin (is doiciméad, sonraí nó faisnéis eile a bheidh sonraithe san fhógra) a chur faoi bhráid an Bhoird laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach lú ná ceithre lá dhéag dar tosach dáta seirbheála an fhógra), agus [EN] (b) á rá, mura gcomhlíonfar ceanglais an fhógra, go ndéanfaidh an Bord, tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine, an t-achomharc a dhíbhe, nó d'eile, é a chinneadh, de bhun an ailt seo. [EN] (2) I gcás ina mbeidh fógra seirbheáilte faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, aon tráth tar éis dheireadh na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, tár éis dó an freagra (más ann) ar an bhfógra a bhreithniú, agus gan a thuilleadh fógra a thabhairt don duine ar ar seirbheáladh an fógra amhlaidh, an t-achomharc a dhíbhe nó, d'eile, é a chinneadh. [EN] Achomhairc i gcoinne coinníollacha. 19.
17.