#1223108
—Más rud é de bhun forálacha aon uachta nó socraíochta go mbeidh ioncam ar bith ó aon chiste tar éis carnadh chun sochair do dhuine ar bith ar an teagmhas go slánóidh sé aois shonraithe éigin nó ag bpósfaidh sé agus, in aon bhliain mheasúnachta, nach mbeidh i méid comhshuimithe an ioncaim sin agus an ioncaim ó aon chiste eile faoi réir iontaobhas dá samhail i leith carnadh agus ioncaim iomláin an duine sin ó gach bunadh (dá ngairtear “an t-ioncam bliantúil comhshuimithe” anseo ina dhiaidh seo) ach amháin an méid a thabharfadh do phearsa aonair teideal chun díolúine iomlán ó cháin nó faoiseamh ó cháin a fháil, ansin, ar éileamh chuige sin a dhéanamh laistigh de shé bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta inar tharla an teagmhas, beidh teideal ag an duine sin, ar an éileamh a chruthú sa tslí a fhorordaítear le Sceideal 4 agus mír IX de Sceideal 18, go n-aisíocfar leis ar chuntas na cánach a íocadh i leith an ioncaim i gcaitheamh na tréimhse carnaithe suim is comhionann leis an méid chomhshuimithe faoisimh a mbeadh teideal aige chuige dá mba ionann a ioncam iomlán ó gach bunadh in aghaidh gach bliana de na blianta ar leithligh sa tréimhse sin agus an t-ioncam bliantúil comhshuimithe don bhliain sin;
—Where in pursuance of the provisions of any will or settlement any income arising from any fund is accumulated for the benefit of any person contingently on his attaining some specified age or marrying, and the aggregate amount in any year of assessment of that income and the income from any other fund subject to the like trusts for accumulation and of the total income of that person from all sources (hereinafter referred to as "the aggregate yearly income") is of such an amount only as would entitle an individual either to total exemption from tax or to relief from tax, that person shall, on making a claim for the purpose within six years after the end of the year of assessment in which the contingency happens, be entitled, on proof of the claim in manner prescribed by Schedule 4 and paragraph IX of Schedule 18, to have repaid to him on account of the tax which has been paid in respect of the income during the period of accumulation a sum equal to the aggregate amount of relief to which he would have been entitled if his total income from all sources for each of the several years of the said period had been equal to the aggregate yearly income for that year;