#2810659
Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta dílseánaigh agus eisiacha aige chun tagairt a dhéanamh do na staidéir agus sonraí eolaíocha dílseánaigh arna gcur isteach mar thaca leis an iarratas, is iad sin, mais-speictriméadracht (‘MS’), athshondas maighnéadach núicléach (‘NMR’) agus crómatagrafaíocht mhalartaithe anian ardfheidhmíochta le bailíochtú mhodh an bhraite aimpéarméadraigh bhíogaigh (‘HPAEC-PAD’) agus na torthaí chun aitheantas 6′-SL agus fotháirgí carbaihiodráite atá sa bhia núíosach a chinneadh; an tuairisc ar na tréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na tréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach, agus na deimhnithe deascaidh a bhaineann leo; an córas um imoibriú slabhrúil polaiméaráise cainníochtúil fíor-ama (‘qPCR’) agus tuarascálacha maidir le bailíochtú modha le haghaidh na dtréithchineálacha táirgthe salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL agus na dtréithchineálacha díghrádúcháin salainn sóidiam ghéinmhodhnaithe 6′-SL atá roghnach; an tástáil bhaictéarach ais-sócháin le salann sóidiam 6′-SL; an tástáil micreanúicléis in vitro i gcealla mamach le salann sóidiam 6′-SL; an staidéar raoin dáileoige 7 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salann sóidiam 6′SL; agus, an staidéar 90 lá ar thocsaineacht bhéil i bhfrancaigh le salainn sóidiam 6′-SL, faoin dlí náisiúnta an tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí ná na staidéir sin, iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.
The applicant declared that they held proprietary and exclusive rights of reference to the scientific studies and data submitted in support of the application, namely, mass spectrometry (‘MS’), nuclear magnetic resonance (‘NMR’) and a high-performance anion-exchange chromatography with pulsed amperometric detection (‘HPAEC-PAD’) method validation and the results for the determination of the identity of 6′-SL and of the carbohydrate by-products present in the novel food; the description and certificates of deposition of the genetically modified 6′-SL sodium salt production and optional degradation strains; the real time quantitative polymerase chain reaction (‘qPCR’) system and method validation reports for the genetically modified 6′-SL sodium salt production and optional degradation strains; the bacterial reverse mutation test with 6′-SL sodium salt; the in vitro mammalian cell micronucleus test with 6′-SL sodium salt; the 7-day dose range finding oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt; and, the 90-day oral toxicity study in rats with 6′-SL sodium salt, under national law at the time they submitted the application and that third parties cannot lawfully access, use or refer to those data and studies.