an leabhar a thabhairt
Pure idiomHeadwords
Description
A bheith lánchinnte; dearbhú.
Corpus examples
"Thabharfainn féin an leabhar" arsa'n fear, "gur airigheas préamhacha mo chluaise dá mbriseadh nuair a bhí sí ag teacht liom amach óm' cheann, agus annsan thabharfainn an leabhar go raibh sí im' láimh agam agus gur mhothuigheas a croiceann agus a féithleóg, go dtí gur bhuail sé buille dhá bhais sa leath-cheann orm.
"Cé h-é sin?" ar sise. D'aithnigheas í laithreach. D'innseas di cé 'r bh' é mé. Cailín de mhuíntir Luasa ab eadh í. Nuair a bhíos ag dul isteach sa chlós san thabharfainn an leabhar gur isteach i gclós Mhichíl Bhreathnaig thoir ar Gleann Daimh a bhíos ag dul.
Bhí leac bhreagh mhór leathan sa n-úrlár ann, ar aghaidh na teine amach, agus dá mbéitheá thíos sa tseómra ag éisteacht leis an obair thabharfá an leabhar gur cith bróg a bhí ag tuitim ar an lic sin i gcaitheamh na h-oídhche, ach go bhfreagraidís na bróga an ceól.
Cross-references
Additional examples
Túir an leabhar ann! You may take your oath on it.
1. (c) (Of Bible, oath) An leabhar a thabhairt (i rud), to swear by the book (to something). Tabhair an leabhar ann, (you may) take your oath on it. Thug sé lán an leabhair (go), he swore volubly (that).