gaoth a bheith (i)
Figurative idiomHeadwords
Description
Caint nó gníomh áibhéile, gan bhunús.
Corpus examples
Ní raibh ann, dar leó, ach gréasaidhe mar aon ghréasaidhe, agus ní raibh i gcaint Chormaic ach gaoith.
Mar tá a fhios acu ná fuil sa chainnt ach gaoth agus nách baoghal go gcaithfid siad an chómhairle do ghlacadh.
Agus ná fuil in sna gníomharthaibh móra gaile agus gaisge ach gaoth, agus ná fuil 'san oileán úd a gheallais dom ach gaoth.
Usage
Úsáidtear an nath seo san fhoirm dhiúltach amháin.
Additional examples
1. (b) Níl ina chuid cainte ach gaoth (mhór), he is only ranting.
Níl agat ach gaoth = cainnt gan bhun, gan mhaith, gan deárthamh.