an dubh a chur ina gheal (ar)
Figurative idiomHeadwords
Description
An dallach dubh, an dallamullóg a chur ar dhuine.
Corpus examples
Ní staonfaidh sí ó aon tsaghas fill chun díoghaltais a dhéanamh, má 's dóich lé go bhféadfaidh sí an feall a cheilt, nó má bheartuighean sí 'na haigne go dtiocfaidh lé an dubh a chur 'na gheal ar dhaoinibh nuair a bheidh an feall déanta agus Cú Chulainn curtha chun báis aici.
Bhí an buadh ag an Sasanach sa chaint. Ní fhéadfadh gan a bheith. Bhí ar a chumas an dubh a chur 'n-a gheal ar an Éireanach, i n-Éirinn agus i Sasana agus ós cómhair an domhain go léir.
Ansan iseadh bhí cead a dteangan acu. Ansan iseadh bhí caoi acu ar an ndubh a chur 'n-a gheal ar dhaoine. Bhí a rian air. Thugadar agaidh láithreach ar na páipeuraibh.
Cross-references
Additional examples
Is féidir an focal céanna do ghlaca go fíor-mhinic 'na ní nú 'na mhódh, fé mar is rogha leis an gcainteóir é. Is módha ar an gcéad amharc iad so. .i. maith, olc, beag, mór, dubh, geal, cam, díreach, ach is féidir gach focal díobh do ghlaca 'na ní, <e.g.> Níl maith mór ann. An t-olc do sheachna. Do chuir sé an beag 'na mhór orm. Do chuiris an dubh 'na gheal orm. Do chuir sé an cam 'na dhíreach orm.
1. (a) An dubh a chur ina gheal ar dhuine, to persuade someone that black is white, to bamboozle someone.
Cuirim an dubh ina gheal ar, buailim bob ar (dhuine).
Chuirfeadh sé an dubh ina gheal ort. Fear maith áitimh.
440. A man's mind is a perverse thing, Donagh, when he sets out to hoodwink us. Is cam an rud aigne an duine, a Dhonnchadh, nuair a cheapan an duine an dubh a chur 'na gheal orainn.
17. An dubh a chur ina gheal ar dhuine. Dealramh na gile a chur ar an dubh (an bhréag a chur i riocht na fírinne) d'fhonn duine a mhealladh.