bulla dall a dhéanamh (de)
Pure idiomHeadwords
Description
Meascán mearaí; duine a chur amú.
Corpus examples
"A thoice gan áird," ar sise, "mara n-éistfá do bhéal dhéanfinn bula dall ar lár an bhóthair díot le Béarla!" "Ní raibh aon fhocal Béarla ag an mnaoi eile. Tháinig eagla uirthi roimis an mBéarla agus d' éist sí."
Do sgairt a raibh láithreach ar gháirí agus cheap an bhean gan Béarla gur fúithi féin a bhíodar ag gairí. Chuimhnigheas ar Shile bheag nuair a chonac conus mar a dhein Mac Ui Dhómhnaill bula dall de'n Speaker i bhfeis na Sacsan. Chuir an sgéal a lán smaointe am' aigne.
Dá mbeadh sé 'na ghiúistís againn gheabhadh sé do chosaibh sa dlígh fé mar a ghabh sé do chosaibh sa bhfírinne anois, agus dhéanfadh sé bula dall díotsa féin sa n-obair sin, d'á fheabhas tú chuige. An Giúistís. – Cad deir sé? What does he say? Bula dall, a blind bully! How dare you, sir, call me a blind bully! Seághan Mh. Ní Th. – Mhuise daig an diabhail ionat, a cheann cipín!
Cross-references
Additional examples
bulla dall, a blind ball, i.e., a ball that does not score; said of a person who is puzzled. "Dhéinfinn bulla dall díot le Béarla," I would confound you with English.
bulla dall, a blind ball, one that does not count, fig. a confused person
bulla dall, duine nú ainmhí go mbeadh a mheabhair bainte dhe le sceon nú le feirg nú le batráil,