Lá Philib an Chleite
Pure idiomHeadwords
Description
Go brách; go Lá an Bhrátha, Lá an Bhreithiúnais.
Corpus examples
"Ach, ar nóin, má bhíonn t'onóir ag cur isteach orm agus ag teacht rómham gach aon neómat ar an gcuma san beidh lá Philib an chleite ann sar a mbeidh an sgéal críochnuighthe agam!"
Donchadh: Deir sé rud is fíor dó, nídh nach iongna, dá mbeidhfí ag lorg na ngamhan i n-andóich go dtí lá Philib an Chleite, pé h-é féin, ná fuil aon bhreith ar iad d'fhághail.
Ní baoghal go leighisfidh cainnt de'n tsórd san olc an ólacháin, a Thaidhg. Ní leighisfidh dá mbeadh sí ar siubhal go lá Philib an chleite, pé h-é féin. Ní'l aon nídh chun an uilc sin do leigheas ach an t-aon nídh amháin, 'sé sin diúltú do'n digh.
Cross-references
Additional examples
Go lá Philib an chleite. Until Tib's Eve.
1. (d) Particular festival, etc. Lá an Bhreithiúnais, the Day of Judgment. Lá Philib an Chleite, Lá Thaidhg na dTadhgann, Lá Sheoin Dic, Tibb's Eve.
Lá Philib an chleite, Tibb's eve,
Ní thiocfaidh sé go lá Philip a' Chleite. Sin lá ná tiocfaidh go deo; lá Thadhg na dTadhgann.
7. Lá Philip an Chleite. Lá an Luain, lá éiginnte, nár tháinig riamh agus gur fada go dtiocfaidh.
Lá Philip an Chleite, Lá an Luain; Lá an t-sléibhe; Lá San Dic. An lá deireannach: adeirtear ag tagairt do rud nach dtitfidh amach go deo.