gal soip
Figurative idiomHeadwords
Description
Rud nach maireann i bhfad; rud neamhbhuan.
Corpus examples
Admhuighim duit nuair a bhíos ar an slighe, ag dul ann, go raibh sórd eagla orm ná beadh sa tabhairt amach ach gal suip.
Ní'l aon fhocal Gaeluinne aige féin ach tá sé 'ghá foghluim go tiugh. Cheap sé ar dtúis, nídh nár bh'iongna, ná beadh i n-obair na Gaeluinne ach gal suip. Go mbeadh bladham ar feadh tamail bhig, agus raint fothraim, agus ansan go raghadh gach nídh chun suainis.
An feall a bhí ceapaithe, beartuighthe, acu chómh deas chómh gasta chómh géar-chúiseach, dar leó féin, do thuit sé as a chéile os cómhair a súl. Dhein gal suip dé an túisge ' n-ar labhair an Slánuightheóir. Bhí sgéal nua ag muintir Heróid ag dul a bhaile.
Additional examples
3. (a) Puff, whiff (of smoke, of hot air). Gal soip, smoke from a wisp of straw; transitory thing. Ní raibh ann ach gal soip, it was only a flash in the pan.
gal suip, the flame or smoke from a wisp, fig., anything transitory, a "flash in the pan," a fad, gal suip tirim tuighe,
1. A flash in the pan, gal soip.
1. (Of project) It ended in smoke, ní raibh ann ach gal soip.
Gal soip. Rud nach maireann ach tamaillín gearr.
342. He thought at first, very naturally, that the Irish language movement would prove a flash in the pan. Cheap sé ar dtúis, nídh nár bh'iongna, ná beadh i n-obair na Gaeluinne ach gal suip.
38. Gal soip. An ghal a eiríonn as sop féir nuair a bhíonn sé tais, .i. gal nach aon tine faoi deara é. Mar sin deirtear ná bíonn in obair nó i saothar a lán daoine ach gal soip, nuair ná bíonn aon tine (aon dúthracht) leis an obair nó leis an saothar agus mar sin ní leanann an obair i bhfad.
Gal soip: an rud is annamh is iontach. Deirtear é faoi rud iontach a thitim amach.