an chú is an cat is an giorria ar aon urlár
Pure idiomHeadwords
Description
An áit ina chíor thuathail; an phraiseach ar fud na mias; an scéal go léir scaoilte amach.
Corpus examples
Bhí tuairim agam ná féadfadh sé a bhéal do choimeád dúnta, ach níor mheasas go dtiocfadh an sgéal amach chomh mór chun mo thoile agus a tháinig. Seadh! Tá an chú 's an cat 's an girrfhiadh ar aon úrlár agam anois, pé cuma 'na dtiocfar as.
Oilill. – Am briathar, a Mhéibh, gur b' eagal liom go mbeidh an chú agus an cat agus an girrfhiadh agat ar aon úrlár nuair aireóchaid ríghthe Mumhan sgéala an chleamhnais. Pé rud a gealladh dóibh ná nár gealladh dóibh, ní'l fear acu gan an sgéal socair i n-a aigne aige gur dó féin atá Fionnabhair le tabhairt mar mhnaoi.
Tadhg: B'fhéidir gur dhéinamair éugcóir ar mhuíntir Chorcaíghe. Tá oiread san rudaí 'ghá gcur amú le tamal go mb'fhéidir gur b'amhlaidh nár chuímhníghdar ar an bhFeis i n-aon chor. Bhí an cur-anáirde (Exhibition) mór acu, agus cuaird an rígh, agus na teidil mhaitha so a fuaradh, agus fiche rud. Bhí "an chú 's an cat 's an giorfhiadh ar aon úrlár" acu.
Additional explanation
- Sgéalta pearsanta/príomháideach a scaipeadh ar a bpobal. Speaking/referring to a persons character, especially in a critical or hostile manner.
- Bheadh sé ana dheacair an tsíocháin a choimeád eatarthu. Tá an scéal go léir scaoilte amach.
- An lasair sa bharrach, an leite ar fud na mias, an phraiseach ar fud na mias.
- An praiseach ar fuaid na méas, easpa suaimhnis, síocháin.
- Beidh raic ann pé scéal é.
Additional examples
8. An chú is an cat is an giorria ar aon urlár acu. Roinnt buartha is scléipe sa teach acu mar a bheadh i dteach nuair a bheadh cú agus cat agus giorria ar aon urlár ann.