anonn agus anall (2)
Figurative idiomHeadwords
Description
I ngach treo; go fánach.
Corpus examples
Nuair a chonnaic na gráséirí an capall iasachta tagaithe ameasg a gcapall féin, chromadar ar chaint go h-árd; agus iad ag easgainí agus ag liúirigh, agus iad ag rith anonn 's anall ameasg a gcapall féin, a d'iarraidh an chapaill iasachta do dheighilt amach uatha agus do dhíbirt.
"Tá go maith!" arsa'n stracaire. "Seo ag imtheacht uaibh me, a ghallóglacha Uí Dhomhnaill. Cimeádaidh me! Cimeádaidh me!" Bhí sé ag rinnce anonn 's anall agus an chaint sin ar siubhal aige.
'Cá bhfuil an fear d'inis an sgéal san?' arsa mise. "Tá sé anso istigh," ar siad. Chuadhmair isteach. Ní raibh a thuairisg ann. Do ritheadar anonn 's anall 'ghá chuardach. Ní raibh sé le fághail ach mar shloigfeadh an talamh é.
Cross-references
Additional examples
anonn 's anall, backwards and forwards, hither and thither
Anonn agus anall, to and fro.
To flit about, to and fro, bheith ag scinneadh anonn agus anall.
Hither and thither, anonn agus anall.