#267611
Cuireann an margadh, atá á dhréachtadh faoi láthair i Lausanne na hEilbhéise, srianta ar an Íaráin i bhforbairt cumhacht núicléach - cumhacht ginnte aibhléise amháin a deir an Íaráin atá ar bun acu. Má éiríonn leis leo margadh a dhéanamh, bainfear cuid de na smachbhannaí atá i bhfeidhm ar an dtír le achar fhada ama. Tá sé ráite ag Uachtarán na hÍaráine, Hassan Rouhani, go n-oibreoidh an Íaráin laistigh de pé socrú a déantar leo.