#1840696
Siad na hospidéil leis an líon is mó cásanna de Covid 19 ná: Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath áit go bhfuil 55 othar, Ospidéal Ollscoile Thamhlachta áit go bhfuil 42 duine le Covid 19 agus Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir áit go bhfuil 23 duine le Covid 19. Ar fud na tíre, tá 16 cás in Ospidéal na hOllscoile Luimní, 14 cás in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh agus 13 cás in Ospidéal na hOllscoile Mhaigh Eo. Tá 48 othar in aonaid dianchúraim sa tír le Covid 19 agus tá 116 leaba cúraim chriticiúil fós folamh sa chóras sláinte. Tráthnóna inné, d'fhógair an Roinn Sláinte nach bhfuair aon duine eile bás le Covid 19 sa tréimshe 24 uair an chloig roimhe sin, an chéad uair ó dheireadh Mhárta. Deimhníodh go raibh 59 cás nua den víreas sa tír agus go bhfuil an víreas ar 24,698 duine ar fad sa Phoblacht anois. Tá 1,606 duine tar éis bháis de bharr Covid 19 sa stát go dtí seo. Fógraíodh inniu nár bhásaigh aon duine breise le Covid 19 i dTuaisceart Éireann, an chéad lá nár bhásaigh aon duine ó thuaidh ón 18ú Márta.