Gaois

Search mode

Filter results

Collections

2 results in 2 documents

  1. #279206

    Tá iasachtaí €200 milliún le fáil ag an Rialtas ón mBanc Eorpach Infheistíochta le haghaidh tograí cosanta tuilte. Meastar gur thart ar 30 togra in áiteanna éagsúla sa tír atá i gceist.  Tá an Rialtas le  €110 milliún a chur ar fáil anuas ar airgead an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Tá an t-airgead le cur ar fáil de réir a chéile as seo go ceann cúig bliana.  De réir rialacháin an bhainc - ar foras an Aontais Eorpaigh é - níl cead ráta úis na n-iasachtaí a fhoilsiú, ach tuigtear go gcaithfidh na fiacha ar fad a bheith glanta tar éis 25 bliain.  Ní mór do na tograí cosanta teacht le treoracha an Aontais Eorpaigh, an treoir maidir le gnáthóga san áireamh.