#1919796
Cúram gan pá Tá os cionn 35,000 duine ag déanamh cúraim gan pá do dhuine muinteartha nó cara dhóibh i gcontaetha Gaeltachta an Deiscirt, de réir an eolais is déanaí atá eisithe ag an bpríomhoifig staidrimh. 35268 cúramóir, sé sin daoine a "chuir cúnamh pearsanta gan pá ar fáil go rialta do chara nó ball teaghlaigh ar a bhfuil galar fadtéarmach, fadhb shláinte nó míchumas," i bPort Láirge, Corcaigh agus Ciarraí anois, sin timpeall 4% den daonra.