#1357608
Fuair sé an ceadúnas píolóta tráchtála bliain go leith shin agus fuair sé dea-scéal mar gheall ar an phost úr i mí Eanáir.
Fuair sé an ceadúnas píolóta tráchtála bliain go leith shin agus fuair sé dea-scéal mar gheall ar an phost úr i mí Eanáir.
“Agus mé ag fás aníos, ní rud é a cheap mé go mbeinn in ann tabhairt faoi mar gheall ar an gcostas agus ní raibh aon eolas agam cén chaoi a ngabhfadh duine ag foghlaim faoi rudaí mar sin.” Blianta ina dhiaidh sin d’éirigh Ó Murchú fiosrach arís agus fuair sé eolas ar líne maidir le ceadúnas píolóta tráchtála a fháil.
“Thuig mé tar éis tamaill gur rud é a d’fhéadfaí a dhéanamh thar cúpla bliain dá mbeinn cúramach agus go bhféadfainn a bheith ag obair, ag sábháil airgid agus ag staidéar ag an am céanna.” Chuir Ó Murchú tús leis an chéad chéim den phróiseas chun ceadúnas píolóta tráchtála a fháil ceithre bliana ó shin agus tá sealanna caite aige i mbun cúrsaí traenála sa Spáinn agus sa Pholainn idir an dá linn.