#578899
Thóg muid monarchana agus eastáit ins na ceantracha seo a leanas: na Forbacha, eastát Bhaile an tSagairt (Spaghetti Junction mar a thugadh muid air), na hionaid cheardaíochta sa Spidéal, Telegael agus cuid d’fhoirgneamh Ros na Rún, eastát ar an gCoill Rua, eastát beag ar an gCnoc, eastát ar an Tulach, eastát beag i Ros an Mhíl, eastát ar an mBántrainn, eastát mór i gCasla, eastát ar an gCeathrú Rua, eastát i dTír an Fhia, eastát beag i Ros Muc, eastát beag i gCill Chiaráin, eastát beag i gCarna, eastát Chorr na Móna, Ionad Choill an tSidheáin agus Thuar Mhic Éadaigh, eastát in Acaill, eastát Bhéal an Mhuirthead.