Gaois

Search mode

Filter results

Collections

2 results in 2 documents

  1. #877440

    Feiceann Ó Súilleabháin gaol idir an t-imeallú sóisialta, an bochtanas agus easpa dídine, agus an córas baincéireachta domhanda, an margadh airgid a fheidhmíonn beag beann ar shaoltaithí an ghnáthphobail.

  2. #812686

    Baineann Pádraic Ó Conaire an–earraíocht as an turas traenach le himní, sceon agus cíor thuathail Nóra Mharcais Bhig a léiriú sa ghearrscéal dá chuid den teideal sin, mar shampla.9 Agus í ar a bealach go Baile Átha Cliath, braitheann Nóra go bhfuil sí ‘ag marcaíocht ar ainmhí éigin allta; go gcuala sí a chroí ag preabadh agus ag léimnigh fúithi le teann feirge; go raibh sé ina dhragún tine, agus lasair ag teacht óna shúil; go raibh sé á tabhairt go fásach éigin uafásach – áit nach raibh taitneamh gréine ná titim uisce; go raibh uirthi a dhul ann in aghaidh a tola; go raibh sí á díbirt go dtí an fásach seo i ngeall ar aon pheaca amháin.’10 Sa chás seo, is ionchollú an turas traenach ar an imeallú sóisialta is cionsiocair lena himirce agus is réamhchomhartha é ar an gclaochlú díobhálach a imreoidh an imirce chéanna uirthi ina dhiaidh sin.