#136126
Liathbhán, tréshoilseach, bhí rithim thaibhsiúil leo.
Liathbhán, tréshoilseach, bhí rithim thaibhsiúil leo.
Faoi shoilse géara an ghluaisteáin, bhí dath liathbhán ar na clocha móra ar shleasa na gcnoc.
An phluid á tarraingt siar go mall agus an aghaidh liathbhán á nochtadh.
Bhí a folt gruaige liathbhán gearrtha go docht, agus géire an údaráis ina súile.
Folt liathbhán agus éide dhúghorm uirthi.
Spéir liathbhán a chonaic sé ón bhfuinneog.
Bhrúcht na simnéithe an dubh sa spéir liathbhán.
nocht siad sa deireadh é—bróg ardmná d’albastar liathbhán gan loinnir.
Bhí fás aisteach liathbhán ina shúil chlé, ar imeall an imrisc.
Ba chosúil le mapa urláir é, dáiríre, é sreangach liathbhán achrannach.
Chonaic mé fia amháin ag iarraidh éalú leis féin, ceann liathbhán.
Mianach na cloiche ag aistriú ón dearg go dtí an liathbhán, cailc nó aol seachas gaineamhchloch.
Bhí mé meallta ag an gcófra liathbhán.
Bhí Dónal Ó Corcora agus Pádraig Ó Domhnaill i gceannas ar an gcúrsa, agus bhí Peadar Ó hAnnracháin (Lorga Liathbhán’) i mbun béaloideasa.
Beret dubh ar a chloigeann liathbhán fara casóg ar dhath a fhoilt nár chuaigh claochló uirthi ó céadcheannaíodh sa chianaimsir.
Éan so-aitheanta é an faoileán scadáin le spota oráiste ag bun a ghoib aige, dath liathbhán ar a dhá sciathán agus screadaíl caointeach glórach a chloistear go háirithe sna bailte iascaigh.
Bhreathnaigh Lúcás go géar ar an éadan liathbhán a raibh an ghlib dhubh ag clúdach a leath de.
Bhreathnaigh Lúcás suas ar an aill liathbhán a bhí breac le fásra agus le driseacha dubha; agus ansin bhreathnaigh ar an mbád.
Scrúdaigh sí na tíleanna marmair, an bán scaipthe tríd an dearg, an dubh spréite tríd an liathbhán.
Dromchla an chosáin déanta as ábhar rua éigin, bruscar gaineamhchloiche rua b’fhéidir, nach den dúiche seo é. Dath liathbhán na haolchloiche atá ar an talamh mórthimpeall orm.
Déanach amach sa lá bhí na dromanna ar chlé is ar dheis fite, idirdhuillithe ceann ar cheann, grian is scáil, filltín lúbach an ghleanna ag sní soir i dtreo na farraige, an cosán sléibhe ina scríob liathbhán ar chliathán sléibhe.
Thug sé aghaidh ar an mbóthar díreach ó dheas, trí na tithe tearca fánacha arbh é Street é. Níorbh fhada go bhfaca sé an tírdhreach ag oscailt amach roimhe ina phluid scáinte liathbhán agus na crainn loma, a raibh na réchnocáin breac leo, mar a bheadh seanfhlocas brocach ar fhíochán úrnua uanolla.
‘Ní mór duit fanacht,’ a mhínigh mé dó, ‘nó go dtagann d’uimhir suas ar an scáileán.’ ‘A hocht atá anois ann.’ Hum ná há ní dúirt sé ach a chaipín donnshalach a bhaint de ghruaig liathbhán.