Gaois

Search mode

Filter results

Collections

4,483 results in 2,720 documents

  1. #268226

    Tá sé deimhnithe ag Seirbhís Príosún na hÉireann gur gortaíodh beirt oifigeach príosúin in ionsaí i bPríosún Mhuinseo ar maidin. Tharla an t-ionsaí thart ar 8.30 ar maidin.  Gortaíodh na hoifigigh atá sna 30idí agus 40idí in ionsaí a rinne príosúnaí orthu gan choinne.

  2. #268591

    Tá an t-ionsaí cáinte go láidir freisin ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Charlie Flanagan.

  3. #269345

    Tá 18 ionsaí déanta ag Meiriceá ar spriocanna le ISIS ó Dé Céadaoin.

  4. #270761

    Tá fear gafa ag na gardaí i Luimneach maidir leis an ionsaí lámhaigh a rinneadh sa chathair sin inné.Lámhachadh Christy Keane roinnt mhaith uaireanta lasmuigh d'Ollscoil Luimní i gCaladh an Treoigh.Beirt fhear ghunna a tháinig chomh fada lena charr agus a scaoil urchair le Christy Keane go gairid roimh a 7 a' chlog ar maidin inné.Tuairiscítear fíor dhrochbhail a bheith air san ospidéal.D'éirigh leis na gardaí theacht ar 2 ghunna láimhe i ngluaisteán a measann siad a húsáideadh san ionsaí seo.Tá Christy Keane, fear sna caogaidí, ina bhall de theaghlach a bhfuil baint aige le cúrsaí coiriúlachta i Luimneach le roinnt mhaith blianta.Fear sna tríochaidí atá gafa faoin ionsaí seo.

  5. #270763

    D'admhaigh Uachtarán na Túinéise inniu nach raibh an tír faoi réir don ionsaí lámhaigh a tharla ag trá ansin Dé hAoine seo caite.Maraíodh 39 duine san ionsaí sin i Sousse, triúr Éireannach ina measc. Dúirt an tUachtarán Ess-ebsi gur géaraíodh ar an tslándáil in áiteanna eile sa tír mar gurbh í tréimhse Ramadam a bhí i gceist.Ach a dúirt sé ní raibh na húdaráis ag súil go dtarlódh ionsaí dá léithid ar thrá.Dúradh inniu gur dócha gur chaith an té a bhí freagrach as an ionsaí sin roinnt ama ag campa traenála sa Libia, agus go raibh sé i dteagmháil le mílisteoirí thar teorann amach.Deirtear go bhfuil breis is 3,000 saoránach ón Túinéis tar éis an tír a fhágáil le roinnt blianta chun dul i mbun trodaíochta ar son ghrúpaí Ioslamacha sa tSiria, san Iaráic agus sa Libia.Áirítear sléacht na hAoine a bheith cheann de na cinn is measa a tharla riamh sa Túinéis, tír atá daonlathach anois ó 2011.Deirtear go mbuailfear cúrsaí turasóireachta go dona sa tír dá bharr, agus go gcaillfidh an Túinéis suas le $515m i mblianaTá an tslándáil géaraithe go mór sa tír anois, breis is 1,000 póilín breise ar dualgas lámh le hóstáin agus ionaid saoire.

  6. #271007

    As seo go deireadh na bliana a thógfar an balla nua, a dúradh.  Dúirt Uachtarán na Túinéise, agus é ag tagairt go sonrach don ionsaí sceimhlitheoireachta a tharla i Sousse dhá lá déag ó shin, gur tháinig an t-ionsaí ar an trá aniar aduaidh ar an rialtas.  Maraíodh 38 duine san ionsaí lámhaigh agus buamaí - triúr Éireannach ina measc - agus síltear gur sa Libia a cuireadh oiliúint in úsáid gunnaí ar an bhfear rinne é.

  7. #271420

    Ceaptar gur mílisteoirí ón ngrúpa a thugann an Stát Ioslamach orthu féin a rinne an t-ionsaí.  Gortaíodh tuairim is 100 duine san ionsaí.  Thaispeán físeáin teilifíse coirp leagtha faoi chrainn taobh amuigh d'ionad cultúrtha i mbaile Suruc in oirdheisceart na Tuirce.  Tá an baile lonnaithe 10 ciliméadar ó bhaile Kobani sa tSiria, áit a bhfuil trodairí Coirdínigh i mbun catha leis an Stát Ioslamach.  Tuairiscítear gur bean 18 d'aois a rinne a t-ionsaí, ach níl sé seo deimhnithe.