#3047283
Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 14/2022 dar teideal ‘Freagairt an Choimisiúin ar chalaois sa Chomhbheartas Talmhaíochta’ go mbíonn éagsúlacht sna rioscaí calaoise idir na scéimeanna íocaíochta éagsúla faoi CBT; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún beart maidir le calaois sa chaiteachas; á chur in iúl gur oth léi, de réir na Cúirte, nach raibh na bearta a rinne an Coimisiún réamhghníomhach go leor ó thaobh aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe calaoise, amhail ‘grabáil talún’ neamhdhleathach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an baol ann go mbainfidh calaoiseoirí leas as laigí sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit agus gur cheart don Choimisiún faireachán níos fearr a dhéanamh ar na bearta náisiúnta frithchalaoise, treoirlínte níos nithiúla a chur ar fáil agus úsáid teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn chun calaois a chosc agus a bhrath; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir roinnt gníomhaireachtaí íocaíochta in iúl go bhfuil comhairle níos praiticiúla ón gCoimisiún ag teastáil;
Takes note that the Court, in its Special Report 14/2022 ‘The Commission’s response to fraud in the Common Agricultural Policy’ found that fraud risks vary between the CAP payment schemes; welcomes that the Commission has taken action on fraud spending; regrets that according to the Court, the actions taken by the Commission were not sufficiently proactive in addressing certain fraud risks, such as illegal ‘land-grabbing’; emphasises that weaknesses in Member States’ checks are prone to be exploited by the fraudsters and that the Commission should monitor national anti-fraud measures better, provide more concrete guidance, and promote the use of new technologies for preventing and detecting fraud; notes with concern that some paying agencies have indicated a need for more practical advice from the Commission;