#2198039
Tá údar maith, bunaithe ar an bhfaisnéis a fuarthas, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais chun Bairéin a chuimsiú i gcás catagóirí táirgí A agus B, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais chun an Bhútáin agus an Ghabúin a chuimsiú i gcás catagóirí táirgí A agus D, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais chun Oileáin Mhaildíve a chuimsiú i gcás catagóir táirgí D, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais chun Catar a chuimsiú i gcás catagóirí táirgí A, B agus D agus le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais chun Saint-Barthélemy a chuimsiú i gcás catagóirí táirgí A, B, D agus E. Tá údar maith freisin le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais i gcás na hAirméine, Chamarún, Leosóta, Oileán Mhuirís, Mhósaimbíc, na Namaibe, na Críche Palaistíní faoi Fhorghabháil, Ruanda, Uganda agus na Saimbia chun catagóir táirgí F a chuimsiú, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais i gcás na Banglaidéise, na hIndia, na hAraibe Sádaí, Srí Lanca agus Tóga chun catagóir táirgí B a chuimsiú, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais i gcás na Botsuáine, Eswatini, na hAetóipe, na Maláive agus na Tansáine chun catagóirí táirgí E agus F a chuimsiú, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais i gcás na hÉigipte agus Chuáit chun catagóir táirgí E a chuimsiú, le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais i gcás na hIordáine, Óman agus na Pacastáine chun catagóirí táirgí B agus E a chuimsiú agus le síneadh a chur le raon feidhme a aitheantais i gcás na Nigéire chun catagóirí táirgí B, E agus F a chuimsiú. Ina theannta sin, ar bhonn na soiléirithe a fuarthas ó ‘Ecocert SA’, is gá a aitheantas a tharraingt siar i gcás chatagóir táirgí C i leith na Banglaidéise.
Based on the information received, it is justified to extend the scope of its recognition to Bahrain for product categories A and B, to Bhutan and Gabon for product categories A and D, to the Maldives for product category D, to Qatar for product categories A, B and D and to Saint Barthélemy for product categories A, B, D and E. It is also justified to extend the scope of its recognition for Armenia, Cameroon, Lesotho, Mauritius, Mozambique, Namibia, the Occupied Palestinian Territory, Rwanda, Uganda and Zambia to product category F, for Bangladesh, India, Saudi Arabia, Sri Lanka, and Togo to product category B, for Botswana, Eswatini, Ethiopia, Malawi and Tanzania to product categories E and F, for Egypt and Kuwait to product category E, for Jordan, Oman and Pakistan to product categories B and E, and for Nigeria to product categories B, E and F. In addition, based on the clarification received from ‘Ecocert SA’, it is necessary to withdraw its recognition for product category C in respect of Bangladesh.