#884731
—Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an Bord, ar na tailte taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear sa leabhar eolais lóisteálta, an cainéal isteach go dtí an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do dhoimhniú agus an carraig-chosc a bhacann an bealach isteach go dtí an Duga san do chur as an slí, piara do dhéanamh, an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) atá anois ann do chríochnú, an bealach isteach go dtí an céanna do leathnú, geataí nua isteach go dtí an céanna do chur ar fáil, an Duga Tráchtála agus an Duga Doimhin (Duga Dhún Aonghusa) do cheangal le chéile, an Duga Tráchtála do dhoimhniú agus a chéibheanna do leathnú, an bealach isteach atá anois ann go dtí an Duga Tráchtála do dhúnadh sna línte agus sna suidhimh a taisbeántar ar na pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear anso ina dhiaidh seo agus gach obair agus ní do dhéanamh is gá chun na n-oibreacha roimhráite do dhéanamh no ghabhann leis an déanamh san (ar a n-áirmhítear pé claonadh ar an trácht sa Chuan agus pé dúnadh leathrannach ar an gCuan is gá) agus, fé réir mar adubhradh, féadfaidh an Bord, chun no i dtaobh na n-oibreacha san do dhéanamh agus do chothabháil, gach leath-taobh bóthair iarainn, cuainín, céibh, caladh, bóthar, bealach isteach, foirgint, oifig, stóras, fánán, plána fánaidh, fánóg, droichead, biordhoras, iadhtán, comhla uisce, dréin, líntéir, camraí, píopaí uisce, píopaí geas, cáblaí, sreanga, láithreán ládála, gléas ceangail, crann tógála, greamadóir tochard, ancaire, slabhra ceangail, éadtromán mara, doilphín, fráma ceangail, post, taca, droichead meáchana, siopa oibre, solus, tigh soluis, bristeoir carraige, bád dreideireachta, dreidire, bád tarraingthe, árthach, meaisín, obair agus áis atá riachtanach no áiseach do dhéanamh, do leagadh síos, do thógáil, do sholáthar agus do chothabháil sa Chuan, sna céibheanna, sna calaidh agus sna bancánachtaí no ortha san no in aice leo, agus féadfaid, maidir leis na tailte, na bóithre, na bealaigh isteach, na foirgintí, na hoibreacha agus an mhaoin eile a tuairiscítear sa leabhar eolais lóisteálta, dul isteach ar pé cuid díobh is gá chun no i dtaobh na n-oibreacha do dhéanamh no do chothabháil, agus an chuid sin do thógaint agus d'úsáid, agus féadfaid na tailte, na foirgintí agus na ceartanna slí go léir agus an mhaoin eile go léir, a taisbeáintear ar na pleananna lóisteálta no aon chuid den chéanna do cheannach go héigeanta no ar shlí eile.
—Subject to the provisions of this Act the Board may upon the lands shown on the deposited plans and described in the deposited book of reference deepen the approach channel to and remove the rock barrier obstructing the entrance to the Deep Dock (Dun Aengus Dock), construct a pier, complete the existing Deep Dock (Dun Aengus Dock), widen entrance thereof, provide new entrance gates thereto, link together the Commercial Dock and the Deep Dock (Dun Aengus Dock), deepen the Commercial Dock and widen its quays, close the existing entrance to the Commercial Dock in the lines and situations shown on the deposited plans and hereinafter described and execute and do all works and things necessary for or incidental to the execution of the foregoing works (including such diversion of traffic in and such partial closing of the Harbour as may be requisite) and, subject as aforesaid, the Board may for or in connection with the construction or maintenance of the said works, construct, lay down, erect, provide and maintain all necessary or convenient railway sidings, basins, quays, wharves, roads, approaches, buildings, offices, warehouses, jetties, inclined planes, slips, bridges, locks, dams, sluices, drains, culverts, sewers, water pipes, gas pipes, cables, wires, staiths, moorings, cranes, crabs, capstans, anchors, mooring chains, buoys, dolphins, mooring frames, posts, stoops, weighbridges, workshops, lights, lighthouses, rock-breakers, dredging boats, dredgers, tugboats, vessels, machines, works and conveniences in and upon or near the Harbour, quays, wharves and embankments, and may enter upon, take and use such of the lands, roads, approaches, buildings, works and other property described in the deposited book of reference as may be necessary for or in connection with the execution or maintenance of the works, and may purchase compulsorily or otherwise all or any of the lands, buildings, rights of way and other property shown on the deposited plans.