#2650953
AG AITHINT DÓIBH go ndaingneofar bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí le cur chun feidhme comhaontú comhpháirtíochta saorálaí Forfheidhmiú an Dlí i dtaca le Foraoisí, Rialachas agus Trádáil (FLEGT), agus go gcuirfidh sé leis an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide trí astaíochtaí laghdaithe ón dífhoraoisiú agus ó dhíghrádú foraoise, agus tríd an ról atá ag an gcaomhantas agus ag bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí, agus trí stoic charbóin na bhforaoisí i dtíortha i mbéal forbartha a fheabhsú (REDD+),
RECOGNISING that the implementation of a forest law enforcement, governance and trade (FLEGT) voluntary partnership agreement will further reinforce sustainable forest management and contribute to combating climate change through reduced emissions from deforestation and forest degradation and the role of conservation, sustainable management of forests and enhancement of forest carbon stocks in developing countries (REDD+),