#1319898
—(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil gur gá beart a dhéanamh láithreach chun truailliú aon uiscí ina limistéar feidhmiúcháin a chosc, nó chun ábhar truailliúcháin a thógáil as uiscí sa limistéar sin, nó, le linn d'ábhar den sórt sin a bheith in uiscí lasmuigh den limistéar sin, chun é a chosc ar aon chuid den limistéar sin a dhochrú, féadfaidh an t-údarás áitiúil cibé beart nó oibríochtaí a dhéanamh nó cibé cúnamh a thabhairt a mheasfaidh sé is gá chun an t-ábhar sin a chosc ar dhul amach sna huiscí, nó féadfaidh sé an t-ábhar a thógáil as na huiscí, é a dhiúscairt mar is cuí leis agus iardaí aon truaillithe de chionn an ábhair sin a mhaolú nó a leigheas.
—(1) Where it appears to a local authority that urgent measures are necessary to prevent pollution of any waters in its functional area, to remove polluting matter from waters in that area, or, while such matter is in waters outside that area, to prevent it affecting any part of that area, the local authority may take such steps, carry out such operations or give such assistance as it considers necessary to prevent such matter from entering the waters, to remove the matter from the waters, to dispose of it as it thinks fit and to mitigate or remedy the effects of any pollution caused by the matter.