Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus an Ghníomhaireacht go ráthófar urraim do chearta bunúsacha, do phrionsabal an non-refoulement, d’úsáid chomhréireach modhanna sriantachta agus do dhínit an fhillí le linn na hoibríochta um fhilleadh ina hiomláine.
The participating Member States and the Agency shall ensure that the respect for fundamental rights, the principle of non-refoulement, the proportionate use of means of constraints and the dignity of the returnee are guaranteed during the entire return operation.
#1820256
Ar bhonn na dtosaíochtaí beartais a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 8(4), cuirfidh an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil do thríú tíortha faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint do chearta bunúsacha agus do shonraí pearsanta agus a mhéid a bhaineann le prionsabal an non-refoulement.
On the basis of the policy priorities set out in accordance with Article 8(4), the Agency shall provide technical and operational assistance to third countries within the framework of the external action policy of the Union, including with regard to the protection of fundamental rights and personal data and with regard to the principle of non-refoulement.
#1820264
Comhlíonfaidh na comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha agus cineálacha eile socruithe dá dtagraítear i mír 1 dlí an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta maidir le cearta bunúsacha agus cosaint idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Chairt, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis, agus go háirithe prionsabal an non-refoulement.
The bilateral and multilateral agreements and other forms of arrangements referred to in paragraph 1 shall comply with Union and international law on fundamental rights and on international protection, including the Charter, the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms and the 1951 Convention relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto, and in particular the principle of non-refoulement.
#1820270
Le linn di oibriú i gcomhar le húdaráis tríú tíortha, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht faoi chuimsiú bheartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha agus sonraí pearsanta a chosaint, prionsabal an non-refoulement, an toirmeasc ar choinneáil threallach agus an toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó phionós atá mídhaonna nó táireach, le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais agus i gcomhordú leo agus, i gcás inarb ábhartha, le tacaíocht ó mhisin agus oibríochtaí CBSC agus i gcomhordú leo, i gcomhréir le pointe (j) den dara fomhír d’Airteagal 68(1).
When cooperating with the authorities of third countries, as referred to in paragraph 1 of this Article, the Agency shall act within the framework of the external action policy of the Union, including with regard to the protection of fundamental rights and personal data, the principle of non-refoulement, the prohibition of arbitrary detention and the prohibition of torture and inhuman or degrading treatment or punishment, with the support of, and in coordination with, Union delegations and, where relevant, CSDP missions and operations in accordance with point (j) of the second subparagraph of Article 68(1).
#1820360
Áiritheoidh an Garda Teorann agus Cósta Eorpach go ndéanfar cearta bunúsacha a chosaint agus a chúraimí á gcur i gcrích aige faoin Rialachán seo i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais, go háirithe an Chairt, agus an dlí ábhartha idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, Prótacal 1967 a ghabhann leis, an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement.
The European Border and Coast Guard shall guarantee the protection of fundamental rights in the performance of its tasks under this Regulation in accordance with relevant Union law, in particular the Charter, and relevant international law, including the 1951 Convention relating to the Status of Refugees, the 1967 Protocol thereto, the Convention on the Rights of the Child and obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement.
#1820439
Maidir le haistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha, ní dochar sin do cheart na n-iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta ná do chearta na dtairbhí cosanta idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le non-refoulement leis an toirmeasc ar fhaisnéis a nochtadh nó a fháil a leagtar amach in Airteagal 30 de Threoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Transfers of personal data to third countries shall not prejudice the rights of applicants for international protection and of beneficiaries of international protection, in particular as regards non-refoulement and the prohibition against disclosing or obtaining information set out in Article 30 of Directive 2013/32/EU of the European Parliament and of the Council.
#2001952
Chun críocha cónaí tairbhithe cosanta idirnáisiúnta, is gá a áirithiú, i gcás ina mbogann tairbhithe den sórt sin chuig Ballstát eile seachas an Ballstát a dheonaigh an chosaint idirnáisiúnta dóibh, go gcuirtear an Ballstát eile ar an eolas faoi pé cosaint idirnáisiúnta a deonaíodh do na daoine lena mbaineann ionas go mbeidh sé in ann a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le prionsabal an non-refoulement.
For the purposes of the residence of beneficiaries of international protection, it is necessary to ensure that when such beneficiaries move to a Member State other than the Member State that granted them international protection, the other Member State is informed of the international protection background of the persons concerned in order to be able to comply with its obligations regarding the principle of non-refoulement.
#2093955
Dá bhrí sin, leis an Rialachán seo urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe ceart dínite an duine, an ceart ar shaoirse agus ar shlándáil, an ceart ar shaol príobháideach agus ar shaol teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsanta, an ceart ar thearmann agus cosaint phrionsabal an non-refoulement agus cosaint i gcás asbhainte, díbeartha nó eiseachadta, an ceart ar neamh-idirdhealú, cearta an linbh, agus an ceart ar leigheas éifeachtach.
This Regulation therefore respects the fundamental rights and observes the principles recognised by the Charter of Fundamental Rights of the European Union, in particular the right to human dignity, the right to liberty and security, the respect for private and family life, the protection of personal data, the right to asylum and protection of the principle of non-refoulement and protection in the event of removal, expulsion or extradition, the right to non-discrimination, the rights of the child and the right to an effective remedy.
#2094749
Ní dhéanfaidh aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha nó chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta de bhun mhír 2 dochar do chearta iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta ná do chearta tairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, go háirithe a mhéid a bhaineann le non-refoulement.
Transfers of personal data to third countries or to international organisations pursuant to paragraph 2 shall not prejudice the rights of applicants for and beneficiaries of international protection, in particular as regards non-refoulement.
#2097636
Gach gníomhaíocht a chistítear faoin Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosa (an “Ionstraim”), a bhunaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin a dhéantar i dtríú tíortha, ba cheart iad a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais, agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), agus ba cheart iad a bheith i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais agus na mBallstát a eascraíonn as na hionstraimí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú.
All actions funded under the Instrument for Financial Support for Border Management and Visa Policy (the ‘Instrument’), established by this Regulation, including those carried out in third countries, should be implemented in full compliance with the rights and principles enshrined in the Union acquis, and the Charter of Fundamental Rights of the European Union (the ‘Charter’), and should be in line with the international obligations of the Union and the Member States arising from the international instruments to which they are party, in particular by ensuring compliance with the principles of non-discrimination and non-refoulement.
#2097818
Déanfar gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin Ionstraim a chur chun feidhme i gcomhréir iomlán leis na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear in acquis an Aontais agus sa Chairt agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais maidir le cearta bunúsacha, go háirithe trí chomhlíonadh phrionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an non-refoulement a áirithiú.
Actions funded under the Instrument shall be implemented in full compliance with the rights and principles enshrined in the Union acquis and the Charter and with the Union’s international obligations as regards fundamental rights, in particular by ensuring compliance with the principles of non-discrimination and non-refoulement.
#2195698
Ba cheart go ndéanfaí gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta ar bhealach lena n-urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail sin ina n-iomláine, go háirithe an ceart chun tearmainn, prionsabal an non-refoulement, an ceart chun measa ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, lena n-áirítear athaontú teaghlaigh faoi dhlí an Aontais, cearta an linbh, an ceart chun sonraí pearsanta a chosaint, agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil.
All activities of the Agency should be carried out in a manner that fully respects those fundamental rights and principles, in particular the right to asylum, the principle of non-refoulement, the right to respect for private and family life, including family reunification under Union law, the rights of the child, the right to protection of personal data and the right to an effective remedy and to a fair trial.
#2748950
A luaithe a thabharfar i gcrích iad, tá an Chosaiv leis na comhaontuithe nó na socruithe sin a chur chun feidhme go hiomlán, agus prionsabal an non-refoulement a chumhdaítear sa Choinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna leasú le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, á urramú aici.
Once concluded, Kosovo is to fully implement those agreements or arrangements while respecting the principle of non-refoulement enshrined in the Convention Relating to the Status of Refugees of 28 July 1951, as amended by the New York Protocol of 31 January 1967.
#725093
Ba cheart do Gharda Teorann agus Cósta na hEorpa, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht agus údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as bainistiú teorann, lena n-áirítear gardaí cósta sa mhéid is go ndéanann siad cúraimí rialaithe ag teorainneacha, a gcuid cúraimí a chomhall i lán-urraim do chearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, an dlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, an Coinbhinsiún maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, an Coinbhinsiún i dtaobh Stádas Dídeanaithe agus oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir agus an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir.
The European Border and Coast Guard, which includes the Agency and the national authorities of Member States which are responsible for border management, including coast guards to the extent that they carry out border control tasks, should fulfil its tasks in full respect for fundamental rights, in particular the Charter of Fundamental Rights of the European Union (‘the Charter’), the European Convention for the Protection of Human Rights and Fundamental Freedoms, relevant international law, including the United Nations Convention on the Rights of the Child, the Convention on the Elimination of All Forms of Discrimination Against Women, the Convention Relating to the Status of Refugees and obligations related to access to international protection, in particular the principle of non-refoulement, the United Nations Convention on the Law of the Sea, the International Convention for the Safety of Life at Sea, and the International Convention on Maritime Search and Rescue.
#1658272
Le linn oibríochta farraige, sula ndíbhordálfar na daoine tascartha nó tarrtháilte i dtríú tír, sula gcuirfear brú orthu dul isteach i dtríú tír, sula seolfar chuig tríú tír iad ná sula dtabharfar ar láimh iad d’údaráis tríú tír agus an measúnú ar an staid ghinearálta sa tríú tír sin á chur san áireamh i gcomhréir le mír 2, déanfaidh na haonaid rannpháirteacha, gan dochar d’Airteagal 3, gach modh a úsáid chun na daoine tascartha nó tarrtháilte a shainaithint, chun a gcuid imthosca pearsanta a mheas, chun iad a chur ar an eolas maidir lena gceann scríbe ar bhealach is intuigthe do na daoine sin nó a d’fhéadfaí a mheas go réasúnta gurb intuigthe é agus tabharfaidh siad an deis dóibh aon chúis go gcreideann siad go mbeadh díbhordáil san áit atá beartaithe ag sárú prionsabal an non-refoulement a chur in iúl.
During a sea operation, before the intercepted or rescued persons are disembarked in, forced to enter, conducted to or otherwise handed over to the authorities of a third country and taking into account the assessment of the general situation in that third country in accordance with paragraph 2, the participating units shall, without prejudice to Article 3, use all means to identify the intercepted or rescued persons, assess their personal circumstances, inform them of their destination in a way that those persons understand or may reasonably be presumed to understand and give them an opportunity to express any reasons for believing that disembarkation in the proposed place would be in violation of the principle of non-refoulement.
#3050144
á chur i bhfáth gur foláir dlúthbhaint a bheith ag rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach na Gníomhaireachta i ngníomhaíochtaí bainistíochta teorann agus faireachais teorann le sáruithe ar chearta bunúsacha a chosc agus a chomhrac, agus le comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a chinntiú, i gcomhréir le acquis an Aontais; á iarraidh ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta struchtúir mhaoirseachta inmheánacha a neartú tuilleadh, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé athbhreithniú agus rialú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na foirne bainistíochta, chun aon staideanna míbhainistíochta a shainaithint agus a réiteach go tráthúil, chomh maith leis na gnáth-nósanna imeachta oibríochta a chur chun feidhme chun maoiniú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a tharraingt siar, nó gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó gan iad a sheoladh i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí den sórt sin;
Stresses that Agency’s direct and indirect involvement in border management and border surveillance activities must go hand in hand with preventing and combating fundamental rights violations, and with securing compliance with the principle of non-refoulement, in accordance with the Union acquis; calls upon the Agency’s management board to further strengthen internal oversight structures, and reiterates the importance to constantly review and control the activities of the management team, towards the timely identification and resolution of any mismanagement situations, as well as to implement the standard operating procedures to withdraw the financing of, or suspend or terminate, or not launch Agency’s activities where such risks arise;