#153039
(b) an chuid de bhaile fearainn Bhaile na Móna atá soir ón mbóthar poiblí sin agus atá crioslaithe le líne shamhailteach arna tarraingt ón spota leibhéil 31.00 ar an mbóthar poiblí sin feadh an taoibh thuaidh den bhóthar a ritheann soir ag an spota leibhéil sin, ar dtús soir ar feadh 155 shlat, ansin ag leanúint ar dtús ó dheas soir ó dheas feadh an bhóthair sin ar feadh 725 shlat, go dtí an claí ag an bpointe sin, ansin ag leanúint ó thuaidh, feadh an chlaí sin ar feadh 235 shlat go dtí teorainn an bhaile fearainn idir na bailte fearainn an Seangharraí Theas agus Baile na Móna, ansin ag leanúint soir feadh teorainn an bhaile fearainn sin ar feadh 400 slat go dtí an bruach mionduirlinge, ansin ag leanúint ó dheas feadh an taoibh thiar den bhruach duirlinge sin ar feadh 330 slat, ansin ag leanúint, ar dtús ó dheas, feadh an líne Bharr Láin ar feadh 1,400 slat go dtí an claí ag an bpointe sin agus ansin ag leanúint feadh an chlaí sin siar ó dheas ar feadh 210 slat go dtí teorainn an bhaile fearainn idir na bailte fearainn Móin na gCoradh agus Baile na Móna, agus ansin ag leanúint feadh theorainn an bhaile fearainn sin go dtí go mbuaileann sí leis an mbóthar poiblí, agus ar deireadh ag leanúint feadh an bhóthair phoiblí go dtí an spota leibhéil 31.00 a dúradh.
( b ) the part of the townland of Ballynamona which lies east of the said public road and is enclosed by an imaginary line drawn from spot level 31.00 on the said public road along the northern side of the road which runs eastwards at that spot level, initially eastwards for 155 yards, then continuing initially south south-eastwards along the said road for 725 yards, to the fence at that point, then continuing northwards, along the said fence for 235 yards to the townland boundary between the townlands of Shannagarry South and Ballynamona, then continuing eastwards along the said townland boundary for 400 yards to the shingle bank, then continuing southwards along the western side of that shingle bank for 330 yards, then continuing, initially southwards, along the High Water Mark for 1,400 yards to the fence at that point and then continuing along that fence in a south-westerly direction for 210 yards to the townland boundary between the townlands of Monagurra and Ballynamona, and then continuing along that townland boundary to where it meets the public road, and finally continuing along the public road to the said spot level 31.00.